Maíonn iarfhear céile JK Rowling gur chabhraigh sé léi an chéad leabhar Harry Potter a scríobh

Maíonn iarfhear céile JK Rowling, a bhí drochídeach (abusive) léi, anois gur chabhraigh sé léi an chéad leabhar Harry Potter a scríobh.

Bhí sé ag freagairt a héilimh go raibh lámhscríbhinn an leabhair mar ‘giall’ aige chun í a choinneáil óna fhágáil.

I bpodchraoladh, dúirt Rowling, údar ilmhilliúnóir, go raibh a iar-fhear céile Jorge Arantes ‘i gceannas’ urthí agus gur choinnigh sé leathanaigh Harry Potter and the Philosopher’s Stone nuair a chlis ar a bpósadh.

Agus í ag caint ar phodchraoladh The Witch Trials of JK Rowling, dúirt sí go raibh faitíos uirthi go ndófadh an t-iar-thuairisceoir teilifíse Portaingéile ‘na leathanaigh’ agus thosaigh sí á bhfótachóipeáil go rúnda.

JK Rowling agus Harry Potter8 1

Ach shéan Arantes, atá 54 bliain d’aois, agus a d’admhaigh gur bhuail sé Ms Rowling le linn a bpósta, go rinne sé iarracht an leabhar a ghlacadh.

Mhaígh sé freisin gur chabhraigh sé lena scríobh.

Ag caint óna theach sa Phortaingéil, dúirt sé leis an Irish Daily Mail: ‘Níl a fhios agam cén fáth a bhfuil an méid atá á rá aici anois á rá aici. B’fhéidir go bhfuil sí “delirious” ó thrí bliana faoi ghlas Covid.

‘Bhí ionadh orm nuair a léigh mé faoi seo. Shéanaim é. Ní dhéanann sé aon chiall. Cén fáth go ndéanfainn rud mar sin? B’fhéidir gur cheart duit ceist a chur uirthi.

‘Nuair a bhí an leabhar á scríobh aici, bhí mé ag glacadh páirte ann, bhí sí á léamh agamsa, agus bhí mé á léamh aici.

‘Bhí an chéad leabhar iontach suimiúil; bhí an scríbhneoireacht iontach, agus thaitin sé liom i gcónaí mar gheall go raibh paisean againn don litríocht, agus go háirithe litríocht do leanaí.

‘Seacht leabhar a bhí sa tionscadal agus bhí baint mhór agam leis an gcéad cheann agus tá a fhios aici sin. Thosaigh sí á scríobh nuair a bhí muid le chéile.’

Bhuail Arantes agus Ms Rowling, 57, le chéile i mbeár agus phós siad i 1992 i Porto tar éis rómánsaíochta tapaigh.

Bhí iníon ag an lánúin, Jessica, atá 29 bliain d’aois anois, ach d’fhág an t-údar bliain ina dhiaidh sin tar éis Arantes í a tharraingt amach as an teach agus ionsaí a dhéanamh uirthi.

I 2001, phós sí an dochtúir Neil Murray.

Ar an bpodchraoladh, dúirt Ms Rowling: ‘D’iompaigh an pósadh an-fhoréigiúnach. Bhí sé ag cuardach mo mhála láimhe gach uair a tháinig mé abhaile.’

Rinne an t-údar cur síos ar a bheith ina cónaí i ‘staid uafásach teannais’. Dúirt sí: ‘Leanainn ag scríobh. Bhí a fhios aige cad a bhí i gceist ag an lámhscríbhinn sin domsa mar ag pointe amháin thóg sé an lámhscríbhinn agus chuir sé i bhfolach í, agus sin é a ghiall.’

D’inis sí go mbeadh sí go rúnda a thabhairt ‘cúpla leathanach den lámhscríbhinn isteach ag obair gach lá – gan ach cúpla leathanach ionas nach dtuigfeadh sé go raibh aon rud in easnamh – agus é a fhótachóipeáil’.

Dúirt sí: ‘I gcófra sa seomra foirne, beagán ar ball, d’fhás agus d’fhás lámhscríbhinn fótachóipeáilte agus d’fhás sé mar bhí amhras orm, mura raibh mé in ann dul amach le gach rud, go ndéanfadh sé í a dhó nó a ghlacadh nó a shealbhú. Bhí sé mar ghiall aige.’

Dúirt urlabhraí do Ms Rowling nach raibh an scríbhneoir ag iarraidh trácht a dhéanamh ar na héilimh is déanaí ón iar-fhear céile.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram