Harry Potter ar ais … le sraith teilifíse a bheidh ar siúil ar feadh deich mbliana

Déanfar na seacht leabhar Harry Potter ar fad a cóirigh (adapt) i sraith teilifíse, ar buiséad mór, a thaispeánfar thar deich mbliana.

Is é Warner Bros a dhéanfaidh an tsraith le haghaidh ardán sruthú Max.

Thairis sin, beidh séasúr iomlán tiomnaithe do gach ceann de na seacht leabhar de scéalta draíochta a bhfuil tóir orthu ar fud an domhain.

harry potter 1 1
Harry Potter: Níltear ag súil go mbeidh réaltaí na sraithe scannán mar chuid den tsraith teilifíse.

Chuir Casey Bloys, cathaoirleach agus príomhfheidhmeannach HBO & Max Content, béim ar an gcaoi a raibh scéalta Harry Potter ‘thar a bheith dearfach maidir le grá agus glacadh’.

Dúirt Warner Bros go mbeidh réáltaí nua sa tsraith – a chosnóidh os cionn $125milliún (€113m) – agus go mbeidh siad ‘barántúil leis na leabhair bhunaidh (authentic to the original books)’ chun ‘Harry Potter agus na heachtraí dochreidte seo a thabhairt chuig lucht féachana nua ar fud an domhain’.

NÍOS MÓ LE LÉAMH CLIC ANSEO:
Labhraíonn JK Rowling faoin imní a
bhí uirthi lena céad fear céile foréigneach

Beidh an t-údar JK Rowling páirteach mar léiritheoir feidhmiúcháin, in ainneoin a cuid tuairimí ar shaincheisteanna inscne a chuir isteach ar go leor lucht leanúna na leabhar Harry Potter.

jk rowling448

Dúirt Ms Rowling, 57, go gceadóidh formáid níos faide na sraithe teilifíse iolraí níos mó de ‘doimhneacht agus mionsonraí (‘depth and detail)’ a leabhar a ghabháil ná mar a bhí indéanta sna scannáin le Daniel Radcliffe.

Dúirt Ms Rowling, nach raibh baint aici le clár speisialta teilifíse a chomóradh 20 bliain ar na scannáin Harry Potter: ‘Táim ag tnúth le bheith mar chuid den tsraith nua seo a ligfidh do mhéid áirithe doimhneachta agus mionsonraí a bheidh ar fáil.’

Níltear ag súil go mbeidh réaltaí na sraithe scannán mar chuid den tsraith teilifíse.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram