Aisling Ní Dhonnabháin: Ag déanamh Ri-Rá faoin timpeallacht

Is fearr aithne ar Aisling Ní Dhonnabháin as a cuid oibre le TG4 agus ar Cúla4. Tá cáil uirthi freisin as a paisean don teanga agus is cainteoir líofa í a bhfuil céim mháistreachta san aistriúchán Gaeilge aici, agus is Bainisteoir Margaíochta í anois do Raidió Rí-Rá. Labhair sí le ExtraG.

Cé go bhfuil Aisling ina cónaí sa phríomhchathair anois, tá a croí istigh i Luimneach. Dúirt sí: ‘Tá Cathair Luimnigh tar éis athrú an-chuid i dtaobh na Gaelainne ó a bhí mise ar an scoil.

‘Ní raibh a leithéid Comhluadar Luimnigh ann. Ní raibh an ghréasánaíocht céanna ann is atá anois ann, nuair a bhí mé ar scoil.’

Tá Aisling ina bainisteoir margaíochta le Raidió Rí-Rá anois. Cuireann sí a seó féin i láthair gach lá i rith na seachtaine. Ní hamháin sin, ach bíonn sí le cloisteáil ag labhairt faoi gach uile rud faoin spéir ar Choinne Chultúir agus Lón Machnamh, podchraoltaí de chuid Raidió Rí-Rá.

Aisling
Aisling Ní Dhonnabháin ag labhairt ag Oireachtas na Samhna 2025, i mBéal Feirste. Pictiúr: Curtha ar fáil.

‘Cabhraigh an raidió liom a bheith mar chuid den saol, fiú muna rabhas in Éirinn. Bhí a fhios agam cad a bhí ag tarlúint. Tháinig an deis seo aníos a bheith ag obair leo mar bhainisteoir margaíochta. Fuair mé é.’

I Raidió Rí-Rá oibríonn Aisling le Emma Ní Chearúil agus Jade Buttle.

‘Thaistigh uaim chuid den luach a bhfuair mé féin ón raidió a thabhairt isteach go dtí an ról seo,’ arsa Aisling. ‘Tá foireann den chéad scoth ag obair linn. Le hEmma, agus le Jade táimid beannaithe I measc na mban. Táimid ag tabhairt ardán do cheoltóirí trí Ghaelainne chomh maith.’

Tá Aisling an-bhródúil as a aistear.

‘Chuaigh mé go dtí an ollscoil i gCorcaigh. Is ansan a bhláthaigh mo shaol trí Ghaelainn mar bhíos ag maireachtaint sa lóistín lán Gaelainn ansin. Bhí cairde a dhéanamh agam trí Ghaelainn. Aimsigh mé mé féin tríd an teanga.

Foireann Raidio Ri Ra Aisling Ni Dhonnabhain Emma Ni Chearuil agus Jade Buttle
Foireann Raidió Rí-Rá Aisling Ní Dhonnabháin, Emma Ní Chearúil agus Jade Buttle

‘Aimsigh na meáin mé, níos mó ná mise dul sa tóir orthu. Nuair a bhí mé ar an dara bhliain ar an ollscoil, tháinig criú scannánaíochta ó Ard Mhacha thíos go Corcaigh chun agallamh a chur ar dhaoine maidir le comóradh 100 bhliain 1916. Bhíodar ag cur ceisteanna ar dhaoine cad é do thuairim ar seo?

‘Dhein mé m’agallamh leo. Agus dúradar “tá tú chomh maith os comhair an cheamara. Ar mhaith leat an rud a chur i láthair?” Dhein mé saghas triail taifeadta le cur ar aghaidh go TG4. Bhíodar sásta leis. Is as sin a thosnaigh m’aistear leis na meáin. 

‘Bhí sé greannmhar chomh maith – Bhí post eile agam ag múineadh na Gaelainn ar line. Bhíos ag déanamh físeáin ar YouTube le linn na paindéime. Agus is as sin a bhfuair mé clár eile le TG4.

‘Ní bhíonn a fhios agat riamh cad a thiocfadh as deiseanna eile. Molaim do dhaoine le glacadh le rudaí agus iad ag teacht i do threo. Mar ní bhíonn a fhios agat riamh cad a thiocaidh astu.’

D’oibrigh Aisling le Cúla 4 ar feadh tamall. Rinne sí sraith darbh ainm Eco Laoch. Sa chlár sin, d’oibrigh sí le páistí leis an bpaisean céanna acu timpeall na tíre. Bhíodar ag iarraidh a ceantar a ghlanadh suas, agus aird a thabhairt ar an timpeallacht.

‘Bhaineas an-taiteamh go deo as sin – an dá rud is ansa liom ag teacht le chéile – an Ghaelainn agus cúrsaí timpeallachta.’

Ansin, nuair a bhunaíodh an cainéal Cúla 4, thosnaigh sí ag obair mar láithreoir Nuachta ar Nuacht Cúla 4. Tharla sé seo mar gheall ar chúrsa a rinne sí le Fíbín sa bhliain chéanna.

Tá an oiread sin bainte amach ag Aisling anseo in Éirinn. Ach creideann sí nach mbeidís indéanta gan bogadh thar lear ar feadh tamall. Agus í thar lear, d’fhoghlaim sí ceachtanna faoin gcomhshaol a d’athródh a dearcadh ar ár bpláinéad go deo.

‘Tá sé tábhachtach i gcónaí brú a chur ort féin do mheon a oscailt beagán. Má tá tú i mbolgán le daoine leis na tuairimí céanna, taithí saoil chéanna, tá sé ana dheacair do mheon a oscailt go tuairimí éagsúla. Faigheann tú meas difriúil ar an áit gurb as duit.

‘Bhog mé go Ceanada ar feadh dhá bhliain ina dhiaidh na hollscoile. Bhí mé in British Columbia. Tá clú agus cáil ar an taobh san tíre, toisc go bhfuil an oiread sin crainnte, fiadhúlra agus nádúr ann.

‘Téann gach duine ag sléibhtóireacht. Tá béir le feiscint. Agus nuair a tháinig mé abhaile go hÉirinn ansan bhíos ag rá cá bhfuil na crainnte ar fad?

‘Níl sé seo nádúrtha. Ansan, bhíos ag féachaint ar na logainmneacha agus ag rá – Maigh Eo. ‘Eo’ is é ‘yew’ – is saghas crann é sin. Cill Dara, Áth Dara – ‘Dara’ is é ‘oak’. Cá bhfuil na crainnte sin?

Bhíos ag féachaint ar áiteanna ina bhfuil foraoisí dúchasacha in Éirinn. Tá sé deacair teacht orthu, mar níl mórán faighte. Tá tionchar aige sin ar go leor rudaí eile. Muna bhfuil foraoisí againn, níl ainmhithe fiáine againn.

‘Táimid ar cheann de na tíre is measa i dtaobh ceangal leis an nádúr agus caidreamh atá againn leis. Braithim go bhfuil leigheas na faidhbhe le fáilt ón teanga.

‘Má tá tú in ann an teanga a labhairt, feiceann tú nach raibh sé mar sin i gcónaí, agus gur féidir linn rudaí a chur ina gceart.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram