

Tá an difríocht idir gníomhaíocht an Rialtais agus mianta na ndaoine don teanga ag méadú, rud atá le feiceáil sa bhfigiúirí i suirbhé nua.
In ainneoin go leor pobalbhreitheanna – an ceann is déanaí ó Ireland Thinks le haghaidh Conradh na Gaeilge – theip ar an Rialtas déileáil i gceart le riachtanais na teanga, agus níor éirigh leo na tacaíochtaí atá de dhíth a thabhairt isteach; agus aon athrú a bhí déanta, ní raibh ann ach lagiarracht.

Léirigh pobalbhreith Ireland Thinks/Conradh na Gaeilge:
Chomh maith leis sin i mí Mheáin Fómhair chuaigh na mílte duine ó gach cearn den tír chun na sráide i mBaile Átha Cliath i mbun CEARTA: Agóid Náisiúnta na nGael.
Bhí lár na cathrach beo le dath dearg agus na máirseálaithe ag siúl ón nGairdín Cuimhneacháin, ag canadh agus ag iompar bratacha agus meirgí.
Léirigh grianghraif ar na meáin shóisialta é ag síneadh fad iomlán Shráid Uí Chonaill.

Fós féin, nuair a sheol an t-iar-Aire Oideachais Helen McEntee dhá pholasaí nua chun feabhas a chur ar an gcaoi a múintear an Ghaeilge i scoileanna, ní raibh mórán muinín astu.
Cé gur cuireadh fáilte roimh an gcéim dhearfach i dtaca lenár dteanga dhúchasach a thacú, bhí imní ann faoi cé chomh tiomanta is atá an Rialtas iad a chur chun cinn.
Dúirt uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin: ‘Ní dóigh linn go bhfuil an Plean Gnímh chun an cruachás ina bhfuil an Ghaeilge sa chóras oideachais faoi láthair a réiteach.’
Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: ‘Táimid ag éileamh ar an Aire Oideachais agus Óige, Helen McEntee, coiste saineolach a bhunú chun polasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais, bunaithe ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach, a fhorbairt gan a thuilleadh moille. Is í seo an chéad chéim atá de dhíth i bhforbairt an pholasaí.’

Tá an suirbhé is déanaí ó Ireland Thinks/Conradh na Gaeilge an-soiléir faoi na rudaí a theastaíonn ó fhormhór na ndaoine.
Deir 77%, as an sampla de 1,648 a ndearnadh suirbhé orthu i bPoblacht na hÉireann, gur cheart go mbeadh sé de sprioc ag an gcóras oideachais cainteoirí cumasacha Gaeilge a dhéanamh de gach dalta scoile. Sin méadú ó 65% i 2019.
Dúirt 61% de dhaoine gur chóir go mbeadh ar gach dalta staidéar a dhéanamh ar an dteanga chomh fada leis an Ardteist; agus ní dúirt ach 27% nár chóir go mbeadh an Ghaeilge éigeantach sa chóras oideachais. Bhí 14% eile nár nocht aon tuairim.
Tá níos mó ná 60% i bhfabhar níos mó cúrsaí tríú leibhéal i nGaeilge, de réir thorthaí an tsuirbhé. De réir na dtorthaí, tá 61% de dhaoine i bhfabhar, méadú ó 54% i 2022. Ní dúirt ach 15% go raibh siad i gcoinne níos mó cúrsaí tríú leibhéal i nGaeilge, laghdú ó 26% i 2022. Bhí méadú ar líon na ndaoine a dúirt nach raibh aon tuairim acu, ó 19% go 26%.
Dúirt 68% gur chóir don rialtas córas pleanála tithíochta faoi leith a fheidhmiú sa nGaeltacht chun cabhrú leis an Ghaeilge mar theanga phobail. Sin méadú ar 58% a dúirt é i 2021.
Ach, díreach mar atá sé san Oideachas, tá teaghlaigh sna ceantair Ghaeltachta ag streachailt lena bpáistí a thógáil mar chainteoirí líofa Gaeilge mar gheall ar easpa tacaíochta ón Rialtas.

Dé réir taighde ó Thuismitheoirí na Gaeltachta níl ach 15% de theaghlaigh sa nGaeltacht ag tógáil a gclann le Gaeilge.
Mar thoradh ar sin tá Sinn Féin ag moladh Scéim Labhairt na Gaeilge a thabhairt ar ais. Cuireadh deireadh leis an scéim i 2011 agus dé réir turairisc.ie níl an Rialtas chun an scéim a thabhairt ar ais.
Mhol urlabhraí Ghaeilge Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh go mbeadh íocaíocht €500 in aghaidh gach páiste atá á thógáil le Gaeilge sa Ghaeltacht.
Dúirt sé: ‘Tá an tAire Calleary den tuairim go bhfuil go leor déanta cheana féin chun tacú le teaghlaigh Ghaeltachta in ainneoin na fianaise go léir go bhfuil teipthe go mór ar na hiarrachtaí seo.’

In ainneoin na muiníne atá ag muintir na hÉireann inár dteanga, níl na seirbhísí agus na tacaíochtaí atá de dhíth ar fáil. Agus is féidir na torthaí a fheiceáil sna figiúirí is déanaí.
Dúirt 22% den phobal ó dheas go bhfuil cumas acu an Ghaeilge a labhairt, agus dúirt 37% go bhfuil siad in ann í a thuiscint. I 2017 bhí 31% go raibh an cumas acu í a labhairt agus 40% a bhí in ann í a thuiscint.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.