Stoirm Éowyn, tá an damáiste a rinneadh léirithe ag 7Lá ar TG4, agus taispeántar na ceantair is measa

03/06/2025

Thaispeán 7La ar TG4 an damáiste tubaisteach a rinne Stoirm Éowyn don tír agus cé mhéad a chosnóidh sé orainn

Ba í Stoirm Éowyn ceann de na stoirmeacha is measa a tháinig riamh go hÉirinn – agus mar thoradh air sin, rinneadh cáineadh láidir ar fhreagairt an Rialtais.

Léiríonn figiúirí nua atá foilsithe ag an tsraith imscrúdaithe TG4, 7Lá, cé chomh dona is a bhí an damáiste ar fud na tíre, agus na contaetha a raibh an tionchar is mó orthu.

storm Eawyn feat
Osclaíodh an scéim sin i ndiaidh an damáiste mhóir a rinne Stoirm Éowyn i mí Eanáir

Ba as Contaetha na Gaillimhe agus Mhaigh Eo a tháinig breis is 50% de na hiarratais ar chúiteamh i ndiaidh Stoirm Éowyn.

De réir na bhfigiúirí a chuir an Roinn Coimirce Sóisialaí ar fáil do 7Lá, cláraíodh 93,007 iarratas i leith 75,733 duine, le luach €12.8 milliún orthu, faoin Scéim um Chúnamh Daonnúil.

Osclaíodh an scéim sin i ndiaidh an damáiste mhóir a rinne Stoirm Éowyn i mí Eanáir na bliana seo.

Ag an am dúirt Cumann Feirmeoirí na hÉireann (IFA) nach bhféadfadh an stoirm teacht ag am níos measa agus go mbeadh cúnamh ón rialtas de dhíth ó tháirgeoirí le bia a sholáthrú d’ollmhargaí agus gnólachtaí.

Ag pointe amháin áfach, bhí 768,000 cuisliméirí de chuid an ESB gan chumhacht de bharr Stoirm Éowyn.

Ba as Contaetha na Gaillimhe agus Mhaigh Eo a tháinig breis is 50% de na hiarratais ar chúiteamh i ndiaidh Stoirm Éowyn
Ba as Contaetha na Gaillimhe agus Mhaigh Eo a tháinig breis is 50% de na hiarratais ar chúiteamh i ndiaidh Stoirm Éowyn

Dúirt an tAire Tithíochta James Browne: ‘Ní fhacthas freagra mar seo riamh ar an stoirm stairiúil seo agus tá an rialtas ag déanamh a sheacht ndícheall le cúnamh a thabhairt dóibh siúd atá ag fulaingt agus chun a seirbhísí a dheisiú chomh sciobtha is gur féidir.’

Ach fós féin, cáineadh an Rialtas go láidir as an moill ar an bhfreagairt, in ainneoin na rabhaidh láidre a tugadh sular tháinig Stoirm Éowyn.

aaa
Caiteachas bliantúil na Scéime um Chúnamh Daonnúil, líon na n-íocaíochtaí a rinneadh agus na sealbhóirí tí ar tacaíodh leo ó 2016-2025

Is as Gaillimh a tháinig an líon is mó iarratas, is é sin 30,592 iarratas, agus is í Contae Mhaigh a tháinig ina dhiaidh sin –  le 17,303 iarratas, agus bhí Ros Comáin ina dhiaidh sin arís le 8,702 iarratas. 

Tá cinneadh déanta i leith 22,149 iarratasóir nach bhfuil íocaíocht déanta fós maidir leis an damáiste a rinne Stoirm Éowyn.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram