

Taispeánfar sa tsraith nua sé chlár de Moving West daoine agus teaghlaigh a shocraigh saol nua a dhéanamh dóibh féin ar an gcósta thiar i nGaillimh, Maigh Eo, Dún na nGall, Sligeach, Liatroim agus Ros Comáin.

Fillfidh an láithreoir Mary Kennedy ar an gclár chun an lucht féachana a threorú trí gach scéal, ag bualadh le daoine a bhfuil na fáthanna ar bhog siad siar chomh héagsúil leis an tírdhreach a bhfuil siad ina gcónaí ann anois.
Roghnaigh cianoibrithe, fiontraithe, daoine a bhí ar imirice ach atá fillte ar an mbaile, daoine nua idirnáisiúnta, cruthaitheoirí, beachairí agus bialannaithe saol éagsúil a bheith acu, agus tabharfar seans dóibh ar Moving West a scéalta féin a insint ina bhfocail féin.
I measc na ndaoine a bheidh ar an tsraith seo tá:
Casfaidh an lucht féachana Moving West freisin le:

Beidh cur chuige struchtúrtha nua i gceist le sraith 4. Seachas gach clár a bheith dírithe ar chontae amháin, déanfar scéalta ar fud an réigiúin a fhí ina chéile i ngach clár, mar léiriú ar nádúr nasctha an tsaoil, na hoibre agus an phobail i gceantair thuaithe na hÉireann sa lá atá inniu ann.
I measc na dtéamaí a bheidh le brath sa tsraith beidh cianobair, fiontraíocht, inbhuanaitheacht, saol an teaghlaigh, maireachtáil chruthaitheach agus an tarraingt idirnáisiúnta níos mó a bhaineann le cósta an Atlantaigh.
Tá an tsraith seo ag dul i gcion go mór ar an lucht féachana ó craoladh í den chéad uair, agus mealltar lucht féachana a bhfuil suim acu a stíl mhaireachtála a athrú, atá ag iarraidh cothromaíocht a bhaint amach idir saol na hoibre agus an saol pearsanta, a bhfuil suim acu i ndeiseanna réigiúnacha agus ceangal a dhéanamh leis an gceantar arís.
Tugadh aitheantas foirmiúil don tionchar sin níos luaithe sa mbliain nuair a bhuaigh Dundara Television and Media, TG4 agus Coimisiún Forbartha an Iarthair an gradam don Chomhoibriú is Fearr ag Gradaim Spider 2026 — a dtugtar Gradaim dhigiteacha Oscar na hÉireann go minic orthu.
Dúirt Mary Kennedy, láithreoir Moving West: ‘Ceann de mhórphribhléidí a théann le Moving West a chur i láthair is ea bualadh le daoine a rinne cinntí cróga, cinntí a chur athrú mór ar a saol go minic, tosú arís in áit eile sa tír.
‘Tá scéal difriúil ag gach duine, ach tá snáithe a nascann gach duine acu le chéile tríd an tsraith — daoine atá sa tóir ar cheangal, cothromaíocht, pobal agus caighdeán saoil níos fearr.’

I gclár deiridh Moving West, beidh comhrá ann leis an Aire Dara Calleary, a dhéanfaidh a mhachnamh faoin mborradh atá faoi ábhar níos leithne na sraithe agus an fás atá ag teacht ar líon na dteaghlach, na bhfiontraithe agus na n-eisimirceach atá ag filleadh ar an iarthar, ní go gearrthéarmach ach go fadtéarmach féachaint le saol a dhéanamh ann dóibh féin.
Dundara Television and Media a léirigh an tsraith seo óna stiúideo i bhFiodh Alúine, Co. Chill Dara, i gcomhpháirtíocht le Coimisiún Forbartha an Iarthair agus le tacaíocht ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta.
Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.