Costas páiste chomh daor go bhfuil teaghlaigh ag gearradh siar ar laethanta saoire agus bronntanais

Bhíodh dhá laethanta saoire ag teaghlaigh, ach anois bíonn ceann amháin acu mar gheall ar chostas páiste a thógáil

Tá sé níos costasaí ná riamh páiste a thógáil in Éirinn. De réir taighde nua ó Laya Healthcare, cosnaíonn sé €169,372.85 ar an meán páiste a thógáil ó bhreith go dtí aois 21.

Tá sé sin 60% níos airde ná mar a bhí sé deich mbliana ó shin – ardú de níos mó ná €63,000.

Tá an chéad bhliain den saol ar cheann de na tréimhsí is daoire, ag déanamh suas 24% den chostas iomlán.

Tá sé níos costasaí ná riamh páiste a thógáil in Éirinn
Tá sé níos costasaí ná riamh páiste a thógáil in Éirinn

Dúirt an saineolaí airgeadais agus máthair, Kel Galavan: ‘Bhí an-bhrú ar phraghsanna le linn na paindéime, ó 2020 go 2022, agus chuir sé sin leis an gcostas.

‘Ní féidir leat éalú ó nithe cosúil le clúidíní (nappies) agus foirmle do naíonáin.’

Tá roinnt costas tar éis méadú ollmhór a dhéanamh. Mar shampla, chuaigh costas clúidíní suas ó €505 in 2015 go €1,456 anois.

Chuaigh foirmle le haghaidh páiste ó €542 go €1,456, agus tá airgead póca do gach páiste ag méadú freisin — ó €643 go €1,196 sa bhliain.

Mar sin féin, tá roinnt costais ag titim. Tá táillí coláiste tar éis laghdú 16%, ó €4,056 go €3,387.

Tá teaghlaigh ag gearradh siar ar chaiteachas roghnach freisin, cosúil le laethanta saoire agus bronntanais.

Thit caiteachas ar laethanta saoire ó €1,654 go €1,079 sa bhliain.

Maidir le bronntanais don Chéad Chomaoineach agus don Chóineartú, tháinig titim 79% orthu – ó €574 go €120.

Thit bronntanais bhreithlae ó €499 go €148 – sin laghdú 70%.

De réir an taighde, cosnaíonn sé anois €15,324.20 sa bhliain do gach páiste – sin ardú 39% i gcomparáid le 2015.

Tá blianta an pháiste óga agus na déaga ar na blianta is costasaí, le 23% agus 24% den chostas iomlán faoi seach.

Tá roinnt bealaí ag teaghlaigh le costais a laghdú. Tá ‘hand-me-downs’ — éadaí agus éide scoile a théann ó pháiste amháin go ceann eile — ag sábháil airgid, cé nach féidir gach rud a athúsáid.

Tá teaghlaigh ag roghnú fanacht in Éirinn le haghaidh saoire seachas dul thar lear.

Dúirt Galavan: ‘Bhí staycations coitianta le linn Covid agus lean sé ar aghaidh mar gheall ar chúrsaí airgid.

‘Bhíodh dhá laethanta saoire ag teaghlaigh, ach anois bíonn ceann amháin acu mar gheall ar chostas páiste a thógáil.’

Tá fóin chliste anois ina riachtanas do dhéagóirí freisin, go háirithe le haghaidh obair bhaile ar Google Classroom – rud a chuireann níos mó brú ar bhuiséad an teaghlaigh.

Tháinig na torthaí ó shuirbhé ar líne le 1,000 tuismitheoir, a rinne Empathy Research. Tá Laya Healthcare anois mar chuid de AXA Insurance.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram