Cad a tharla leis an bplean ‘torthaí sna scoileanna’? Tá líon mór páiste óga FÓS róthrom

Theip ar an bhfeachtas sláinte ‘cúig in aghaidh an lae’ sna scoileanna, agus tá páiste amháin as gach cúigear róthrom agus míshláintiúil

Tá páiste bunscoile amháin as gach cúigear róthrom – agus ardaíonn sé seo go dtí páiste as gach ceathrar i gceantair níos boichte.

Fuarthas amach i suirbhé náisiúnta go mbeidh seisear páiste róthrom i seomra ranga de 30 leanbh ar an meán.

Fuarthas amach sa suirbhé freisin gur beag scoil a raibh torthaí nó glasraí úra acu, saor in aisce nó íoctha astu, do leanaí i rith an lae scoile.

Hot School Meal Extension 768x448 1
Fuarthas amach i suirbhé náisiúnta go mbeidh seisear páiste róthrom i seomra ranga de 30 leanbh ar an meán

Chomh maith le sin bhí níos mó cailíní ná buachaillí róthrom, agus leanaí níos sine seachas leanaí níos óige, róthrom, de réir taighde a choimisiúnaigh an HSE.

Iarradh sa tuarascáil go gcuirfí torthaí ar fáil le linn am scoile i mbunscoileanna, agus go mbeadh rochtain saor in aisce ar uisce óil do na leanaí freisin.

Foilsíodh na sonraí nua ón séú babhta a rinneadh, i mbunscoileanna na hÉireann, ó 2008 i leith, mar chuid de Thionscnamh um Fhaireachas ar Mhurtall Leanaí na hEorpa (Childhood Obesity Surveillance Initiative, COSI) de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte (World Health Organisation, WHO).

Dúirt an tOllamh Cecily Kelleher, príomhoide Choláiste Talmhaíochta agus Sláinte, UCD, a bhí i gceannas ar fhoireann taighde na hÉireann: ‘Is é sláinte ár bpáistí den chuid is mó a thuar sláinte ár ndaonra fásta amach anseo.

‘Tá a fhios againn gur féidir murtall (obesity) leanaí a chosc den chuid is mó trí bheartais éifeachtacha ar féidir leo idirghabháil a dhéanamh go luath chun timpeallachtaí a chruthú a thacaíonn le fás agus forbairt shláintiúil do gach leanbh.’

Tá níos lú ná duine as gach deichniúr leanbh bunscoile ró-tanaí, agus níor chonacthas aon difríochtaí i gcéatadán na bpáistí sin thar limistéir faoi mhíbhuntáiste.

Tá meáchan sláintiúil do gach páiste tábhachtach
Tá meáchan sláintiúil do gach páiste tábhachtach

Ní raibh aon difríochtaí le feiceáil, i ngach catagóir, idir ceantair uirbeacha agus thuaithe.

Tá  Sarah O’Brien, atá i bhfeighil an Chláir um Itheachán Gníomhach go Folláin (Healthy Eating Active Living Programme) de chuid an (Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte Health Service Executive, HSE).

Dúirt sí: ‘Tá meáchan sláintiúil do gach páiste tábhachtach mar tá a fhios againn gur féidir le hiarmhairtí óige róthrom agus murtaill (obesity) a bheith ar feadh an tsaoil do go leor daoine.

‘Is féidir leis cur isteach ar a gcaighdeán maireachtála agus ar a sláinte, anois agus amach anseo.’

Ó foilsíodh an tuarascáil dheireanach in 2020, níl méadú tagtha ar leitheadúlacht (prevalence) an mhurtaill agus tá meáchan sláintiúil ag formhór na bpáistí in Éirinn (73%).


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram