Snámh don Phalaistín chun tacú le hionad spóirt do theifigh: Éist leis an agallamh

02/04/2025

Snámh don Phalaistín: ‘Táimid ag iarraidh airgead a thiomsú do chúiseanna áirithe sa Phalaistín,’ a deir Conradh na Gaeilge

An mhí seo beidh 50 Gael as gach cearn den tír ag tabhairt faoi dhúshlán snámha chun tacú le hionad spóirt do theifigh sa Phalaistín.

Ag tosú go moch ar maidin i mBaile Brigín, i mBaile Átha Cliath, déanfaidh rannpháirtithe iarracht taisteal timpeall na tíre agus snámh san fharraige i ngach contae in Éirinn atá suite ar an gcósta mar chuid den imeacht ‘Snámh don Phalaistín 2025’.

Tá an t-imeacht á eagrú ag Conradh na Gaeilge agus rachaidh an t-airgead ar fad a thiomsaítear chuig  ‘ACLAÍ Palestine’, ionad spóirt atá mar chroí-thionscadal den Lajee Centre, sa Bhruach Thiar i gCríocha Gafa sa Phalaistín.

Léimfidh na snámhóirí isteach san uisce i mBaile Brigín ag 5 a chlog ar maidin ar an 12ú Aibreán sula ndéanfaidh siad iarracht snámh a dhéanamh i ngach contae in Éirinn atá suite ar an gcósta thar thréimhse dhá lá.

Táthar ag súil go n-éireoidh leo filleadh ar Bhaile Brigín le haghaidh an tsnámha dheireanaigh ag 22.15 san oíche an lá dár gcionn ar an 13ú Aibreán.

snamh3

Éist leis an agallamh: Cliceáil ANSEO

Ag labhairt dó le Raidió na Life, dúirt leasrúnaí an Chonradh Aodhán Ó Dea, ‘Bhíomar ag iarraidh teacht ar imeacht éigean le cabhrú linn airgead a thiomsú do chúiseanna áirithe sa Phalaistín.’

‘Tá craobh de chuid Chonradh na Gaeilge bunaithe sa Phalaistín, bunaithe sa Lajee Centre agus bíonn ‘ACLAÍ Palestine’ bainteach leo freisin. Bheartaigh muid airgead a thiomsú don dá chúis sin agus tá nascanna ag daoine ar ár bhfoireann féin leis an obair a bhíonn ar bun sna háiteanna sin’

Bíonn deonaithe as Éirinn agus an Phalaistín araon ag obair le ‘ACLAÍ Palestine’ le ranganna spóirt agus ionad traenála a chur ar fáil do theifigh atá cónaí orthu i gcampa Aida sa Bhruach Thiar.

Snámh don Phalaistín 2025
Snámh don Phalaistín 2025

Is féidir le rannpháirtithe clárú ar an nasc thíos, áfach níl ach 50 spás ar fáil mar sin ba chóir clárú go luath.
cnag.ie/snamh

Freisin, is féidir síntiús a dhéanamh chun tacú leis an imeacht agus ‘ACLAÍ Palestine’ ar an nasc thíos

idonate.ie/snamh25


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram