Boscaí bradacha: An bhfuil ré an ‘dodgy box’ ag teacht chun deiridh?

18/02/2025

Tá ceann ag 170,000 duine ar a laghad, tá Kneecap tar éis iad a moladh, déantar iad a cheiliúradh ar T-léinte – ach tá boscaí bradacha fós mídhleathach agus tá na gardaí á fhiosrú, mar sin an mbeidh tú i dtrioblóid má tá tú gafa le ceann acu?

Tá na Gardaí ag díriúar an sruthú mídhleathach (illegal streaming) le déanaí agus eisíodh 13 fógra dleathacha chuig daoine a raibh ‘boscaí bradacha’ acu.

Seoladh na fógraí seo ar fud fad na tíre, Baile Átha Cliath, Corcaigh, Luimneach agus Dún na nGall ina measc.

ACH CÉARD IS BOSCA BRADACH ANN?

Is gléasanna iad ‘boscaí bradacha’ a ligean do dhuine breathnú saor in aisce ar chláir teilifíse a íoctar as de gnáth.

Tugann mangairí nasc nó cód chuig custaiméirí le go mbeidh siad in ann breathnú ar scannáin, spórt agus níos mó.

De gnáth, íoslódáiltear an t-ábhar ar Amazon Fire Stick agus is féidir é seo a chur isteach sa teilifís.

Is féidir leis an gcostas le haghaidh ‘bosca bradach’ a bheith chomh híseal le €50 in aghaidh na bliana.

Is féidir leis an gcostas le haghaidh ‘boscaí bradacha’ a bheith chomh híseal le €50 in aghaidh na bliana
Is féidir leis an gcostas le haghaidh ‘boscaí bradacha’ a bheith chomh híseal le €50 in aghaidh na bliana

CÉN FÁTH GO MBÍONN BOSCAí BRADACHA MÍDLEATHACH

Bíonn mangairí ag briseadh an dlí nuair a sháraíonn siad cóipcheart.

De réir Acht an Chóipchirt 2000, bíonn fíneáil suas go €127,000 nó téarma príosúin 5 bhliain ann má sháraítear cóipcheart.

Téann an t-airgead ó na Boscaí Bradacha i dtreo coiriúlacht eile go minic.

AN FÉIDIR LINN A BHEITH I DTRIOBLÁID MÁ TÁ BOSCAí BRADACHA AGAINN SA BHAILE

Thosaigh na Gardaí ag díriú go daingean ar na boscaí bradacha seo i 2023 nuair a thaispeáin tuairisc ón Aontas Eorpach go raibh 171,000 daoine sa tír ag baint úsáid as na seirbhísí seo – an séú ráta is airde san Eoraip.

Cé go bhfuil na Gardaí tar éis díriú ar mhangairí na ngléasanna seo, tá sé fós i gcoinne an dlí ceann a bheith agat sa bhaile.

De réir Acht an Chóipchirt 2000, bíonn fíneáil suas go €127,000 nó téarma príosúin 5 bhliain ann má sháraítear cóipcheart
De réir Acht an Chóipchirt 2000, bíonn fíneáil suas go €127,000 nó téarma príosúin 5 bhliain ann má sháraítear cóipcheart

AM SA PHRÍOSÚN

Anuraidh, fuair athair pósta le ceathrar páiste téarma sa phríosún de bharr go raibh brabús €1m déanta aige óna ghnó mídhleathach lena boscaí bradacha.

Bhí Ciaran i gceannas ar King Kong Media, comhlacht a bhí ag tiomsú airgid ó chustaiméirí le go mbeadh siad in ann stáisiúin teilifíse cosúil le Sky agus BT Sports a fháil.

Gearradh téarma trí bliana agus ceithre mhí ar Donovan, agus an dá bhliain dheireanach ar fionraí ar feadh 30 mí de réir coinníollacha áirithe – ceann dóibh nach féidir baint a bheith aige le sruthú teilifíse mídhleathach.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram