An é seo deireadh ré an ‘dodgy box’? Saoradh fear as príosún chun a sheirbhís a dhúnadh

Tá seirbhísí mídhleathacha ‘dodgy box’ á n-úsáid ag na mílte duine in Éirinn ach d’fhéadfadh sé sin athrú go luath

Tá fear atá ag fanacht le pianbhreith as seirbhís síntiús teilifíse ‘dodgy box’ mídhleathach a rith scaoilte amach as príosún.

D’aontaigh an breitheamh é a scaoileadh saor ionas go mbeidh sé in ann an oibríocht a dhúnadh, dar leis an Irish Times.

Phléadáil Ciaran Donovan, atá 41 bliain d’aois, agus atá ina athair pósta do bheirt pháiste as Ashfield, Contae Chill Dara, ciontach, i mí Iúil seo caite, as sciúradh airgid (money laundering).

Tá sé cloiste ag an gcúirt go gceadaíonn an córas 'dodgy box' atá á thairiscint ag Donovan rochtain ar na mílte cainéal síntiús
Tá sé cloiste ag an gcúirt go gceadaíonn an córas ‘dodgy box’ atá á thairiscint rochtain ar na mílte cainéal síntiús

Bhí baint aige sin le haip a bhain le seirbhís sruthaithe mhídhleathach (illegal streaming service) King Kong Media, idir Eanáir 2016 agus Márta 2022, sé sin na ‘dodgy boxes’.

Mar sin féin, nuair a bhí Donovan i bpríosún, bhí an tseirbhís mhídhleathach a bhí in úsáid ag na mílte úsáideoir fós inrochtana (accessible) ar ‘dodgy box’.

Tar éis bannaí (bail) a dheonú níos luaithe, athchuireadh faoi choimeád é an 17 Aibreán seo caite.

Ag an am d’iarr dlíodóir ar son Donovan ar an mBreitheamh Martina Baxter gan a chliant a chur chuig an bpríosún mar gheall ar a chás teaghlaigh.

Agus ar Dé Máirt, dúirt Seoirse Ó Dúnlaing, don ionchúiseamh (prosecutor), leis an mbreitheamh, go bhfuil sé ag iarraidh iarratas ‘neamhghnách’ a dhéanamh.

Sé sin go scaoilfí saor Donovan ar bhannaí, faoi choinníollacha dochta (strict conditions), mar tá siad ag iarraidh go gcuirfí deireadh leis an tseirbhís mhídhleathach leanúnach.

Dúirt sé gur thug an breitheamh le fios go bhféadfadh sí dearcadh Donovan i leith dhúnadh na seirbhíse a chur san áireamh agus a cinneadh pianbhreithe á thabhairt aici.

D’iarr sé go dtabharfaí bannaí chun go bhféadfaí an córas a bhaint anuas, agus go n-áireofaí ar na coinníollacha go dtabharfadh Donovan gealltanas bualadh le hionadaí Sky TV agus comhalta den Gharda Síochána le go bhféadfadh sé cóid agus URL áirithe a thabhairt dóibh.

Chuala an chúirt níos luaithe i mbliana go bhfuil an dara sraith chúisimh ag leibhéal na Cúirte Dúiche i leith oibriú leanúnach na seirbhíse do Donovan.

Chuir an Breitheamh Baxter moill ar sheachadadh a cinneadh pianbhreithe chun toradh an dara sraith cúisimh a chloisteáil.

Ag tagairt do na cúisimh sin, dúirt an breitheamh nach raibh na sonraí ar eolas aici ach go raibh an chuma ar an scéal gur tharla cion nuair a bhí Donovan amuigh ar bhannaí.

Dodgy Box 2feat2
Chuir coirpigh lasmuigh den dlínse (jurisdiction) rochtain mhídhleathach ar na bealaí ar bun

Ba choir thromchúiseach a bhí sa choir ar phléadáil Donovan ciontach inti a bhain le sciúradh na gcéadta míle euro, a dúirt sí. Bronnadh bannaí ar Donovan i mí Eanáir, agus bhí deis aige an tseirbhís a dhúnadh síos ansin.

Tá an cás le lua os comhair an Bhreithimh Baxter arís an tseachtain seo chugainn, agus faoin am sin tá deireadh le gearradh ar an tseirbhís, a dúirt an breitheamh.

Tá ionadaí de chuid Sky le seiceáil nach bhfuil an tseirbhís ag feidhmiú a thuilleadh sula bhfillfidh Donovan chun láithriú os comhair an bhreithimh.

Tá sé cloiste ag an gcúirt go gceadaíonn an córas atá á thairiscint ag Donovan rochtain ar na mílte cainéal síntiús ar thart ar an bpraghas céanna in aghaidh na bliana agus a chosnódh a leithéid de sheirbhís in aghaidh na míosa de ghnáth, agus go raibh na mílte custaiméir aige.

Chuir coirpigh lasmuigh den dlínse (jurisdiction) rochtain mhídhleathach ar na bealaí ar bun agus thug siad rochtain do Donovan ansin ar tháille a íoc.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram