Pianbhreith 18 mí ar fionraí do fhear a dhíol ‘dodgy boxes’ teilifíse

Gearradh téarma príosúin ar athair as Baile Átha Cliath a dhíol na ‘dodgy boxes’ ach cuireadh ar fionraí ar feadh trí bliana é ar choinníollacha dochta

Gearradh pianbhreith 18 mí ar fionraí ar fhear a dhíol 81 bosca teilifíse Android ar a dtugtar ‘firesticks’ nó ‘dodgy boxes’ i gCúirt Chuarda Choiriúil Bhaile Átha Cliath Dé Luain.

Phléadáil Noel Robinson, atá 50 bliain d’aois, ciontach as na ‘dodgy boxes’ a bheith ina theach cónaithe ar Bhóthar Le Fanu, Baile Formaid (Ballyfermot), an 14 Feabhra 2019.

Dodgy Box 2feat2
Chuala an chúirt go ndéanann na gléasanna Android seo an líonra Sky a dhíchriptiú (unencrypt)

Ag éisteacht níos luaithe, chuala an chúirt go ndéanann na gléasanna Android seo an líonra Sky a dhíchriptiú (unencrypt) chun ligean don úsáideoir Sky a fháil ar an teilifís saor in aisce.

Ar an Luan, ghlac an Breitheamh Orla Crowe leis go raibh taifead neamhbhalbh (unblemished record) ag Robinson roimhe seo agus go raibh sé ina fhear atá umhal don dlí.

Ghlac sí freisin nach raibh aon earraí costasacha aige agus cé go raibh andúil (addiction) aige san alcól ag an am, níor ól sé alcól ó mhí Feabhra 2020.

Dúirt an breitheamh nach raibh aon chiontuithe ag Robinson roimhe seo agus nár tháinig sé ar aird na nGardaí ó shin.

Dúirt sí go raibh go leor tacaíochta aige agus go raibh go leor daoine ag brath air.

Ghearr an Breitheamh Crowe pianbhreith príosúin 18 mí air, a chuir sí ar fionraí go hiomlán ar feadh trí bliana ar choinníollacha dochta.

Dodgy box prem league 1068x623 1 1024x597 1
D’éiligh an t-ionchúiseamh gur fhág sé seo Sky Broadcasting le caillteanas féideartha de €102,060

Dúirt an Garda Charles McPartland le Patrick Jackson BL, ag éisteacht na pianbhreithe (sentencing hearing), gur féidir le daoine leis na boscaí an síntiús a sheachaint, a bheadh ar chliaint Sky de ghnáth a íoc de €126 in aghaidh na míosa.

D’éiligh an t-ionchúiseamh gur fhág sé seo Sky Broadcasting le caillteanas féideartha de €102,060, bunaithe ar 81 custaiméir a d’fhéadfadh síntiúis Sky a bheith acu murach sin.

Chuala an chúirt gur tháinig ball d’fhoireann Sky, i mí Eanáir 2019, ar fógra ar Adverts.ie a dhíolann boscaí teilifíse Android chun teilifís le síntiús in aisce a sholáthar.

Cuireadh an fógra faoin ainm ‘Robco’ ach nuair a chuir an t-imscrúdaitheoir glaoch air, thug an díoltóir a ainm mar Noel agus thug sé a sheoladh féin.

Shroich imscrúdaitheoir Sky teach Robinson ansin agus cheannaigh sé bosca Android ar €150.

court
D’aontaigh an Garda McPartland, áfach, gurbh é an brabús a rinne Robinson ná €13,625

Fuair Gardaí barántas (warrant) chun an teach a chuardach ar 14 Feabhra agus chomhoibrigh Robinson go hiomlán leo.

Chuala an chúirt gur scrúdaigh gardaí cuntas PayPal Robinson thar dhá bhliain agus go raibh $50,000 ann.

D’aontaigh an Garda McPartland, áfach, gurbh é an brabús a rinne Robinson ná €13,625 a tarraingíodh siar óna chuntas AIB.

Bhain cuid den €13,000 sin le hearraí dlisteanacha a bhí á ndíol aige, lena n-áirítear ‘remote controls’, agus bhí an chuid eile ‘squandered’ar ól, a chuala an chúirt.

Dúirt an garda ionchúisimh go raibh ‘leibhéal áirithe naivety” sa mhéid is gur thug Robinson a ainm agus a sheoladh féin do cheannaitheoirí ar Fhógraí.

Dúirt abhcóide na cosanta go bhfuil beirt mhac fásta ag Robinson a bhfuil uathachas (autism) orthu agus an tríú mac a oibríonn mar chócaire rathúil agus go gcuireann a rath i leith thacaíocht a athar.

Chuala an chúirt go gcinntíonn Robinson gnáthamh laethúil comhsheasmhach dá bheirt mhac a bhfuil uathachas orthu agus go raibh sé ina chrann taca (pillar of support) dóibh in aimsir an struis.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram