

Cuireadh stop le plota chun an Pápa Proinsias a fheallmharú (assassinate) le linn turais go dtí an Iaráic (Iraq), tar éis dó leas a bhaint as faisnéis Bhriotanach, de réir an BBC.
Scríobhann an Pápa, ina dhírbheathaisnéis atá le teacht amach, go raibh sé tar éis teacht i dtír i Bagdad i mí an Mhárta 2021.

Dúradh leis go raibh dhá bhuamadóir féinmharaithe (suicide bombers) ag dul go dtí ar imeacht a raibh sé le bheith i láthair.
Idircheapadh agus maraíodh an dá ionsaitheoir ina dhiaidh sin, a dúirt sé i sleachta a d’fhoilsigh an nuachtán Iodálach, Corriere della Ser.
Ba í an chuairt, a tharla thar thrí lá le linn na paindéime coróinvíreas, an chéad chuairt riamh ar an Iaráic ag Pápa agus bhí dian-oibríocht slándála i gceist faoi.
Na blianta roimhe sin bhí méadú ar fhoréigean seicteach (sectarian) san Iaráic, le troid idir Moslamaigh Shia agus Sunni chomh maith le géarleanúint na mionlach reiligiúnach.
Tháinig laghdú ar phobal Críostaí na tíre go mór, tar éis don ghrúpa Stát Ioslamach agus antoisceach Sunni go háirithe díriú orthu.
I sleachta dá dhírbheathaisnéis, deir an Pápa: ‘Rinne beagnach gach duine comhairle dom i gcoinne’ na cuairte ach bhraith sé go raibh air é a dhéanamh.
Deir an Pápa gur tháinig lucht faisnéis na Breataine ar an bplota agus thug siad rabhadh do phóilíní na hIaráice, agus dúirt siadsan le lucht slándála an Phápa nuair a tháinig sé i dtír.
‘Bhí bean lán le pléascáin, buamadóir óg féinmharaithe, ag dul i dtreo Mosul chun í féin a phléascadh le linn chuairt an Phápa,’ a deir an Pápa.
‘Agus bhí veain ag dul ann freisin ar luas mór, leis an intinn chéanna.’

Deir an Pápa freisin gur chuir sé ceist ar oifigeach slándála an lá dár gcionn cad a tharla do na daoine a d’fhéadfadh a bheith ina n-ionsaitheoirí.
‘D’fhreagair an [oifigiúil] ag gáire: “Níl siad linn a thuileadh”. Bhí idircheapadh ag na póilíní hIaráice agus do phléasc siad na hionsaitheoirí,’ a scríobh sé.
Tá an leabhar, dar teideal Dóchas (Hope), le foilsiú ar 14 Eanáir.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.