Níl sé tagtha fiú go dtí an mhí dheireanach den bhliain go fóill ach cheana féin tá na tuartha faoi cad a tharlóidh in 2024 ag teacht isteach.
Agus tá roinnt rabhadh scanrúil foilsithe ag an Irish Examiner ón tuaróir is cáiliúil ar fad, Nostradamus.
Tugadh ‘Prophet of Doom’ ar an réalteolaí ón 14ú haois Nostradamus agus thug sé roinnt foláirimh gharbh don bhliain 2024.
Scríobh sé in íomháineachas fileata (poetic imagery) ach is féidir a theachtaireacht a léiriú le fíricí an lae.
Cé chomh cruinn agus a bhí sé? Féadfaidh tú an breithiúnas sin a thabhairt duit féin: seo an méid a dúirt sé a tharlódh sa bhliain seo atá díreach imithe.
‘Ar nós na gréine searfaidh an ceann an fharraige ghleoite: Ní ghoilfidh iasc beo na Mara Duibhe ar fad.’
Rabhadh soiléir maidir le géarchéim aeráide atá ansin. Níl sé mícheart ach an bhfuil aird á tabhairt againn ar a ndeirtear?
‘Tine neamhaí ar an bhfoirgneamh ríoga (Celestial fire on the royal edifice).’
An raibh sé ag tagairt do thrioblóidí an teaghlaigh ríoga sa Bhreatain, bás na banríona, cáineadh an Rí nua Charles, nocht an Phrionsa Harry faoin teaghlach ríoga agus na líomhaintí gnéis i gcoinne an Phrionsa Andrew?
‘Seacht mí cogadh mór, daoine marbh trí olc.’
Ar an drochuair bhí an ‘Prophet of Doom’ ró-dhóchasach sa cheann sin. Idir na básanna san Úcráin agus in Gaza, mhair na cogaí níos faide ná seacht mí … agus níl aon chomhartha orthu go dtiocfaidh deireadh leo.
Mar sin cad atá le teacht i 2024 de réir Nostradamus?
‘Fásfaidh an talamh tirim níos géire’ a deir sé agus beidh tuilte (floods) móra ann.’
Bhuel, tá na comharthaí rabhaidh feicthe againn in 2023 agus mar sin d’fhéadfadh tuilte níos measa fós a bheith ann in Éirinn agus níos mó tinte ar fud na cruinne sna blianta amach romhainn.
‘Rí na nOileán’ a bhfuil colscartha conspóideach aige ‘tiomáinte amach ag fórsa’ agus ‘duine nach mbeidh marc an rí air’ ina ionad.
Tuilleadh trioblóide do theaghlach ríoga na Breataine anseo. An bhféadfadh sé go gcaillfeadh an Rí Charles a ríchathaoir agus go bhféadfadh siad ceannaire a bheith acu gan ‘marc an rí air’, sé sin uachtarán a thoghadh.
‘Trí bhás an tsean-Phontiff/beidh Rómhánach in aois mhaith ann’ agus ‘lagóidh an Pápa nua an Suí (Naofa)’.
Drochscéala don Phápa Proinsias, a labhair faoina aois agus a thinnis agus fiú a thug le fios gur mhaith leis éirí as – ar a laghad bheadh a fhios aige go dtabharfadh an Pápa a leanfadh é leasuithe isteach mar a rinne sé féin.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.