Ar mhaith leat cónaí i dteach tábhairne?

18/08/2024

100 teach tábhairne i measc an 1,100 foirgneamh tráchtála atá á n-athrú ina dtithe ar fud na hÉireann

Déanfar beagnach 100 teach tábhairne a athfhorbairt (redevelop) chun beagnach 300 áit chónaithe nua a chruthú, faoi dhíolúintí (exemption) pleanála nua.

Tá siad seo mar chuid d’iarrachtaí an Rialtais agus údaráis áitiúla úsáid a bhaint as foirgnimh fholmha chun áiteanna chónaithe a chruthú.

Agus é sin a dhéanamh, caithfidh úinéirí na bhfoirgneamh fógraí a chur isteach chun úsáid na bhfoirgneamh a athrú ó thráchtáil go tithíocht.

Ar an iomlán, i 2023, fuair údaráis áitiúla 267 fógra a d’fhéadfadh 650 áit chónaithe  nua a sholáthar
Ar an iomlán, i 2023, fuair údaráis áitiúla 267 fógra a d’fhéadfadh 650 áit chónaithe  nua a sholáthar

D’fhoilsigh an tAire Tithíochta Darragh O’Brien figiúirí a léiríonn go bhfuair údaráis áitiúla 1,165 fógra chun áitribh thráchtála fholmha a thiontú ina dtithe nua idir 2018-2023.

D’fhéadfadh go mbeadh 2,716 áit chónaithe nua ar fud na tíre mar thoradh orthu.

Tá an cinneadh ar cheann de go leor de chuid an Rialtais chun úsáid níos éifeachtaí a bhaint as foirgnimh fholmha.

De réir dhaonáireamh 2022 bhí 130,469 teach folamh agus 32,964 árasán folamh in Éirinn.

Mar sin féin, bhí an líon is airde fógraí ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath maidir le hathruithe ó fhoirgnimh thráchtála go tithe.

Bhí 123 faighte acu idir 2018 agus 2023, a chuirfeadh 350 teach ar fáil, má fhorbraítear iad.

Tá an dara líon is airde ag Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh le 101, ag soláthar 202 áit chónaithe  nua.

Bhí an chéad líon eile ab airde ag Comhairle Contae Thiobraid Árann, le 92 fógra nó 167 áit chónaithe.

Chuir díolúintí pleanála, a tugadh isteach i 2018, deireadh leis an gceanglas maidir le cead pleanála chun cineálacha áirithe réadmhaoine (property) tráchtála folmha a thiontú ina aonaid chónaithe.

I 2022, leathnaíodh an díolúine chun go bhféadfaí tithe tábhairne folmha a thiontú ina dtithe.

I 2022 agus 2023, fuair údaráis áitiúla fógraí maidir le 92 teach tábhairne agus é ar intinn acu 295 teach nua a chruthú.

Is é an Longfort an contae leis an gcéatadán is airde de thithe tábhairne a aistrítear ina dtithe.

An tAire Tithíochta Darragh O’Brien ag caint faoi athrú ar 100 teach tábhairne
An tAire Tithíochta Darragh O’Brien ag caint faoi athrú ar 100 teach tábhairne

Ar an iomlán, i 2023, fuair údaráis áitiúla 267 fógra a d’fhéadfadh 650 áit chónaithe  nua a sholáthar. Anuraidh bhain 39 le tithe tábhairne, rud a chruthóidh 136 áit chónaithe.

Mhol Tom Gilligan, stiúrthóir seirbhísí ag Comhairle Contae Mhaigh Eo, an scéim agus dúirt sé gur cheart leanúint ar aghaidh thar a dáta deiridh, 2025.

Dúirt sé: ‘Ar an drochuair feicimid go bhfuil go leor tithe tábhairne ag dúnadh a ndoirse.

‘Nuair a dhún na tithe tábhairne bhí sé díobhálach, ach anois leis na tiontaithe seo, agus tithíocht a raibh géarghá léi, is bealach iontach é chun an soláthar tithíochta a mhéadú.’

Ní léiríonn líon na bhfógraí go bhfuil líon na dtithe ar fáil ach dúirt an tUasal Gilligan gur tháinig tithe agus árasáin in úsáid i ndáiríre de bharr formhór na n-iarratas.

Dúirt an tAire Tithíochta Sóisearach Alan Dillion: ‘Tá sé seo ar cheann de shraith beart atá éifeachtach chun úinéirí réadmhaoine a spreagadh chun foirgnimh fholmha tráchtála a thiontú ina n-úsáid chónaithe.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram