

Aithneoidh Éire státaireacht na Palaistíne faoi dheireadh na míosa, a dúirt an Tánaiste.
Tá Éire agus an Spáinn i mbun cainteanna le tíortha Eorpacha eile faoi aitheantas a thabhairt do stát na Palaistíne.
Cé go raibh an 21 Bealtaine curtha chun cinn mar dháta féideartha, dúirt an Tánaiste Micheál Martin: ‘Níl an dáta socraithe go fóill toisc go bhfuil muid fós i mbun cainteanna le roinnt tíortha maidir le haitheantas comhpháirteach do stát Palaistíne.
‘Beidh sé soiléir sna laethanta amach romhainn maidir leis an dáta ar leith ach is cinnte go mbeidh sé roimh dheireadh na míosa seo.

Dúirt sé: ‘Beidh mé ag caint le roinnt airí gnóthaí eachtracha maidir leis na mionsonraí faoi seo.’
Ag labhairt dó ar raidió Newstalk, dúirt sé: ‘Tá sé á dhéanamh againn i gcomhthéacs an Tionscnaimh Síochána Arabach (Arab Peace Initiative) chun bogadh i dtreo réiteach dhá stát.
‘Tá muid ag taispeáint do phobal na Palaistíne i gcoitinne go dtacaímid lena gceart chun féinchinntiúcháin agus leis an smaoineamh ar réiteach dhá stát mar an t-aon slí inar féidir le hIosraelaigh agus Palaistínigh maireachtáil taobh le taobh i síocháin.’
Idir an dá linn, thug an Taoiseach Simon Harris eolas do Rí Abdullah na hIordáine faoi phlean na hÉireann chun aitheantas a thabhairt do staid na Palaistíne.
Chomh maith le sin, tá cead diúltaithe ag an Spáinn long a iompraíonn arm go hIosrael dul isteach ag calafort sa Spáinn, a dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha José Manuel Albares Déardaoin.
;Is é seo an chéad uair dúinn é seo a dhéanamh mar gurb é seo an chéad uair a bhraitheamar long a bhí ag iompar arm go hIosrael agus atá ag iarraidh teacht isteach ag calafort Spáinneach,’ a dúirt sé le tuairisceoirí sa Bhruiséil.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.