

Tá taighde dána i gceist agus tháinig comhdháil bhliantúil an chumainn idirnáisiúnta, An Cumann um Thaighde Ealaíonta (The Society for Artistic Research) go hÉirinn don chéad uair riamh, go hOllscoil na Gaillimhe.

Bhí téama na comhdhála ag díriú go sonrach ar an gcleachtas ealaíonta do theangacha i mbaol, agus, trí obair Taighde Dána agus Ealaín na Gaeltachta, bhí an Ghaeilge i lár an aonaigh.
Agus bhí guth bríomhar beo cruthaitheach na Gaeltachta ar phríomhstáitse na comhdhála domhanda seo chun taighde a chur chun cinn.

A thoradh ar sin ná ceolchoirm speisialta dar teideal ‘Aniar Aneas, Aniar Aduaidh’ a reáchtáladh in Ionad Uí Dhonnchadha san Ollscoil.

Faoi stiúir chruthaiteach Shíle Denvir, Thríona Ní Shíocháin, Mharianne Ní Chinnéide agus Nada Ní Chuirrín, thug an cheolchoirm speisialta seo ealaíontóirí den scoth le chéile ar an oíche, ar a n-áiríodh: Orla Ní Fhinneadha (amhránaíocht), Becky Ní Éallaithe (damhsa/consairtín), Cathal Ó Curráin (veidhlín/bazouki/amhránaíocht), Éanna Ó Cróinín (píb uilleann), agus Séamas Hyland (bosca ceoil/rince seite), d’oíche spleodrach amhránaíochta, damhsa, agus ceoil.

Ar an ardán an oíche chéanna, bhí plúr na n-ealaíontóirí óga ó Ghaeltachtaí na tíre, rud a thug léargas ar shaibhreas agus ar bhuanna thraidisiúin ealaíon na Gaeltachta agus iad bronnta le hoidhreacht ar an gcéad ghlúin eile.

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.