

Bhunaigh Aisling Ní Dhonnabháin agus Afraic Ó Ríordáin Freamhú Collective anuraidh, grúpa a mbíonn ag iarraidh foghlaim faoina naisc atá againne go léir lenár dtalamh féin.
Ag an tús, ní raibh ach smaointe acu. Chuaigh Aisling ar Instagram le glaoch amach. Bhí sí ag iarraidh fáil amach go raibh spéis ag daoine dul ag snámh san fharraige álainn i mBaile Átha Cliath, i dtimpeallacht Gaelainne.
Laistigh de lá, bhí 50 duine sa ghrúpa WhatsApp cheana féin.

‘An aidhm atá ag an ghrúpa ná cabhrú le daoine filleadh ar an teanga, ach tríd an saol nádúrtha’, a dúirt Aisling Ní Dhonnabháin.
‘Bíodh sé sin ag dul ar siúlóidí sna sléibhte, ag dul ag snámh san fharraige, nó ag freastail ar phainéil chainte le daoine atá ag obair sna hearnálacha sin.
‘Tá imeacht ar siúl againn an Satharn beag seo ina mbeimid ag déanamh lino-phriontáil – ealaín dos na bláthanna fiáin atá ag fás tráth seo na bliana.

‘Braithim go bhfuil mo chroí ardaithe ag an bhFréamhú Collective. Is léir go bhfuil spéis ag daoine san ábhar seo. Tá siad ag iarraidh féachaint ar an saol mórthimpeall orainn, agus a rá “conas go ndéarfainn é seo trí Ghaelainn. Conas gur féidir liom níos mó tuiscint a fháil ar an áit a bhfuil cónaí orm trí na logainmneacha, nó na scéalta miotaseolaíochta a bhaineann leis an áit”.

Rud atá tábhachtach d’Aisling agus Afraic ná imeachtaí Gaelainn a chur le chéile in áiteanna nádúrtha.
‘Tarlaíonn an-chuid de na hócáidí Gaelainn i dtithe tábhairne, i gcaiféanna. Tá brú alcóil a ól, agus airgead a chaitheamh chomh maith.’
Agus iad ag cruthú Fréamhú Collective, bhí Aisling agus Afraic ag iarraidh ómós a thabhairt do Mhanchán Magan, a d’imigh ar shlí na fírinne roimh Nollaig.
‘Tá Fréamhú Collective an-spreagtha ag Manchán Magan, laoch na nGael. Is saibhre ár n-oidhreacht a bhí leis. Bheimis gann ar eolas mar seo murach é.’

Bíonn daoine nach raibh focal Gaelainne labhartha acu riamh ag freastal ar na himeachtaí, ní hamháin chun tús a chur lena aistear foghlamtha, ach a bheith nasctha lenár dtimpeallacht, ár n-oidreacht, agus stair na tíre seo.
Má tá fonn ort freastail ar an gceardlann lino-phriontáil a bheith ar siúl i mBaile Átha Cliath ar an 25ú hAibreán, níl ort ag dul go freamhu.collective ar Instagram agus an fhoirm atá sa ‘bhio’ a líonadh.
Cuireann Fréamhú Collective fáilte roimh dhaoine le gach leibhéal Gaelainn.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.