Damien Dempsey: Sinéad O’Connor, mo theaghlach reibiliúnach agus mo ghrá don amhránaíocht i nGaeilge

Agus a 11u halbam stiúideo, Holywell, á eisiúint aige, labhair  Damien Dempsey Le Hotpress faoi thábhacht na hamhránaíochta i nGaeilge agus faoi chaomhnú na n-amhrán traidisiúnta.

Creideann sé go bhfuil oidhreacht shaibhir chultúrtha agus teanga ag Éirinn.

Is bailiúchán bailéad agus amhrán traidisiúnta tíre é Holywell. Tá cosúlacht áirithe aige le The Rocky Road, a eisíodh sa bhliain 2008.

Creideann Damien gur cheart amhráin thraidisiúnta a chaomhnú agus a chur ar aghaidh chuig daoine óga.

Ceann de na hamhráin ar an albam ná The Rising of the Moon. Baineann an t-amhrán le hÉirí Amach 1798. Bhí tábhacht ar leith aige do sheanmháthair Damien, Katie.

Bhí aintín Katie, Jinny Shanahan, ina ball d’Arm Cathartha na hÉireann (Irish Citizen Army). Throid sí taobh le James Connolly agus ghlac sí páirt i ngníomhaíocht cheardchumannach agus pholaitiúil i mBaile Átha Cliath.

Damien Dempsey: Pic, Cat Gundry-Beck
Damien Dempsey: Pic, Cat Gundry-Beck

De réir Damien, bhí Jinny páirteach i ‘Lockout’ Bhaile Átha Cliath 1913. Le linn an aighnis sin, rinne baill den Dublin Metropolitan Police, fórsa póilíní Bhaile Átha Cliath in Éirinn faoi smacht na Breataine ó 1836 go 1922, ionsaithe ar go leor oibrithe.

D’oibrigh Jinny le Rosie Hackett i Monarcha Brioscaí Jacob’s. Tar éis an Lockout, thacaigh siad leis an bhfeachtas a bhí á stiúradh ag Jim Larkin.

Chuaigh siad isteach san Irish Women Workers’ Union agus ina dhiaidh sin in Arm Cathartha na hÉireann. Chabhraigh Jinny le baill bhaineanna na heagraíochta a oiliúint.

Rugadh seanmháthair Damien, Katie, sa bhliain 1908. Nuair a bhí sí óg, thug sí cúnamh dá haintín trí theachtaireachtaí a iompar agus trí chuidiú le baill d’Arm Cathartha na hÉireann.

Creideann Damien gur ó shampla gaolta ar nós Jinny Shanahan a tháinig cuid dá shuim sa cheartas agus i gcúrsaí sóisialta.

Tá tionchar ag saothar Ewan MacColl, amhránaí tíre, cumadóir amhrán, gníomhaí ceardchumannach agus bailitheoir amhrán traidisiúnta, air freisin.

Tá leagan d’amhrán agóide Mhic Coll, The Moving On Song, ar an albam. Tugtar Go, Move, Shift air chomh maith. Tarraingíonn an t-amhrán aird ar an gcaoi ar caitheadh le daoine den lucht siúil.

Screenshot 2026 07 02 100518 1

Léirigh cara agus comhoibrí ceoil Damien, Sinéad O’Connor, tacaíocht do mhuintir na Palaistíne agus do dhaoine faoi chois i gcodanna eile den domhan. Labhair Damian amach freisin faoi ionsaí Iosrael i gcoinne na bPalaistíneach.

Nuair a fiafraíodh de faoi chuimhní aige ar Shinéad, mheabhraigh Damien an turas Sean-Nós Nua. Tar éis na chéad cheolchoirme, mhol sé dóibh leanúint den amhránaíocht le chéile tar éis an léirithe.

Dar le Damien, bhí seisiúin amhránaíochta neamhfhoirmiúla acu i ndiaidh go leor de na ceolchoirmeacha ar an turas sin. Meabhraíonn sé go raibh Sinéad thar a bheith sona le linn na tréimhse sin.

Cosúil le Sinéad ar an albam Sean-Nós Nua, canann Damien amhráin i nGaeilge ar Holywell. Ina measc tá The Coolin agus Seóithín Seothó.

Deir Damien gur teanga álainn í an Ghaeilge le canadh. Is maith leis go háirithe fuaim focail cosúil le madra, uisce agus bainne.

Creideann sé go bhfuil áilleacht ar leith sa teanga agus go dtugann canadh i nGaeilge sólás agus sonas.

Tugann an t-albam deis dó taobh níos séimhe dá ghlór amhránaíochta a léiriú freisin, go háirithe sna hamhráin Ghaeilge.

Deir Damien nach cainteoir líofa Gaeilge é. Mar sin féin, tá sé ag foghlaim níos mó den teanga aon uair is féidir leis. Tá súil aige níos mó ama a chaitheamh ag déanamh staidéir ar an nGaeilge amach anseo.

Ba mhaith leis freisin go bhfoghlaimeodh daoine óga na hamhráin seo agus go gcanfaidís iad. Ar an gcúis sin, shocraigh sé amhráin Ghaeilge a chur san áireamh ar an albam.

Screenshot 2026 07 02 102739

Tá spéis mhór ag Damien i stair, i gcultúr agus i sochaí na hÉireann. Dá bhrí sin, tá spéis mhór aige sa Ghaeilge freisin.

Creideann sé gur ábhar aiféala é gur tháinig meath ar an nGaeilge le himeacht ama. Léigh sé le déanaí faoin mbata scoir, a bhain le pionósú leanaí a labhair Gaeilge i roinnt scoileanna.

Molann sé na pobail Ghaeilge, go háirithe pobail na Gaeltachta, as an teanga a chaomhnú le linn tréimhsí deacra. Molann sé freisin daoine ar nós Kneecap agus Manchán Magan as spéis úr sa Ghaeilge a chothú i measc na n-óg.

Cad é an bata scóir?

Bhí an bata scóir (tally stick) in úsáid i roinnt scoileanna in Éirinn sa naoú haois déag agus i dtús an fichiú haois. Ba é an cuspóir a bhí leis ná páistí a dhíspreagadh ó Ghaeilge a labhairt.

Chaith an páiste an bata timpeall an mhuiníl. Gach uair a chualathas an páiste ag labhairt Gaeilge, rinneadh marc nó eang ar an mbata. Ag deireadh an lae, comhaireadh na marcanna. D’fhéadfaí an páiste a phionósú ansin de réir líon na marcanna a bhí taifeadta.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram