An t-agallamh mór: Cad a chiallaíonn Gaoth Dobhair do Noeleen Ní Cholla?

Tá Noeleen Ní Cholla aitheanta ar fud na cruinne mar amhránaí seannós den chéad scoth.
Thosnaigh Noleen ag canadh nuair a bhí sí seacht mbliana d’aois. D’fhorbhair sí an paisean canadh sean nós mar gheall ar an gceantar ina tógadh í.

Is Donegaler tríd is trí í Noeleen, agus tá sí fite fuaite le Gaoth Dobhair, iarthuaisceart an chontae.
Is aisteoir í atá feicthe againn i Ros na Rún. Bhí carachtar Noeleen, Saorla Ní Raghallaigh, ag crochadh timpeall an sráidbhaile le linn Sraith 30. Bhí sí i gcónaí ag cur isteach ar daoine – cé nach bhfuil sí ag iarraidh é sin a dhéanamh! I ndáiríre is duine an-deas í atá ag iarraidh cabhair a thabhairt do dhaoine.

Noeleen
Noeleen Ní Cholla. Pictiúr: Curtha ar fáil


Is múinteoir bunscoile í. Is oibreoir deonach í. Tá sí foirfe.


Ní dóigh liom go raibh Vanessa sásta le sin. Tá Vanessa i ngrá le Béibhinn (Ciara Ní É). Agus bhí Béibhinn i grá léi freisin. Ach nuair a phóg sí Vanessa cúpla mí ó shin, ní raibh spéis ag Vanessa inti. Ach cinnte, thuig Vanessa ansin nach raibh sí díreach. Ach bhí sé ródhéanach faoin am sin, toisc go raibh Saorla díreach i ndiaidh landeáil. Nach mbíonn an ghrá casta?
Is féidir liom a rá le muinín go bhfuil Saorla tar éis bac a chur sa roth.


‘Dúirt mé le mo bhoyfriend cúpla mí ó shin, a Íosa, an bhfuil mé ag glacadh páirt dom féin? Bíonn Saorla ag bualadh ceol tradisiúnta. Bíonn sí i gceoldrámaí. Déarfainn gur amhránaí í fosta. Ach, ní bhím criticiúl le daoine.
‘Dúirt Carmel Stephens (Cora) go taibh sé ag amharc ar aís ar mo chláracha. Agus dúirt sí go raibh mé ag déanamh Saorla iontach greannmhar. Agus ní raibh a fhios agam go raibh mé ag déanamh sin! Charismatic agus greannmhar – sin an rud a dúirt sí. Bhí sé sin iontach deas.’

Ciara Ni E agus Noeleen Ni Cholla i Ros na Run. Pictiur TG4Curtha ar fail
Ciara Ní É agus Noeleen Ní Cholla i Ros na Rún. Pictiúr: TG4/Curtha ar fáil


Bhí fuinneamh deas agus suaimhneach timpeall Noeleen.
‘Ag fás aníos i nGaoth Dobhair, bhí deis agam a bheith páirteach i ndrámaíocht i bpobalscoil beag. Agus ansin, taobh amuigh scoil le Aisteoirí Óg Gaoth Dobhair in Amharclann Ghaoth Dobhair. Nuair a bhí mé ar scoil, bhí mé ag ceol sean nós fosta. Thosaigh mé ag ceol sean nós nuair a bhí mé seacht.


‘Tá mé sásta anois le bheith ag déanamh na rudaí atá grá agam dó – aisteoireacht, cultúr, agus amhránaíocht.
‘Mo chuid aintíní – aisteoirí agus ceoltóirí atá iontu fosta. Sílim gurb é an tseanchas agus an dóigh a chuaigh sé ó ghlúin go glúin agus ó bhéal go béal. Nuair a mhothaigh mise go raibh fidléirí sa teaghlach nuair a bhí mé béag, bhí mise ag iarraidh an fhidil a bhualadh freisin.
‘Bím i gcónaí ag rá go bhfuil an t-ádh orm gur rugadh agus tógadh i nGaoth Dobhair, i gcroílár na Gaeltachta, mé. Bhí an deis agam agus líon mór daoine óga a bheith suite san amhránaíocht sean-nós agus ceol Gaelach, lán cultúr, drámaíocht – aisteoireacht, filíocht, achan rud.’


Chuaigh Noeleen thar lear. Chinntigh sí staidéar a dhéanamh ar an nGaidhlg. Ach fós féin, bhí sé fíorthábhachtach di a cultúr a choinneáil beo agus í san Alban.
‘Tá a fhios againn (i nGaoth Dobhair) fosta cé atá bainteach le cé.
‘Tá dúil mor againn ag caint fá muinteareas anseo i nGaoth Dobhair.
‘Cé gur imigh mé fhéin, agus tháinig mé ar ais, caithfidh tú an chultúr a choinneáil beo ionat fhéin. Coinníonn gnáth dhaoine beo é.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram