

Beidh sé 250 bliain ó síníodh Forógra Saoirse Mheiriceá i mí Iúil 2026, tráth freisin a ndéanfar comóradh ar Réabhlóid Mheiriceá. Ba le cogadh dearg a bunaíodh Stáit Aontaithe Mheiriceá sna 1770idí nuair a d’éirigh trí choilíneacht déag feadh chósta thoir Mheiriceá amach i gcoinne riail na Breataine.
Ba ag George Washington agus a ghinearáil a bhí an lá sa deireadh tar éis coimhlint nimhneach a mhair seacht mbliana. Tá eolas ag go leor ar an gcuid sin den scéal, ach is beag atá ar eolas faoi na gnáthfhir agus ar na gnáthmhná as Éirinn a chuir go mór leis an gcogadh agus leis an toradh a bhí air.
I measc na ndaoine sin bhí:
Chomh maith leis sin, bhí filí in Éirinn ag cumadh amhráin Ghaeilge le linn an ama sin, iad ag ceiliúradh thoradh na Réabhlóide.

Beidh sraitheoga de chathanna drámata, athléirithe drámaíochta atmaisféaracha, fionnachtana iontacha seandálaíochta, agus píosaí scannánaíochta fíorálainne a scannánaíodh ar an láthair in Éirinn agus sna Stáit Aontaithe mar chuid den tsraith.
Cuirfidh tráchtaireacht agus anailís shaineolach ó mhór-shaineolaithe comhthéacs leis an insint stairiúil an-spéisiúil.
Idir an dá linn treoróidh Cormac Ó hEadhra an lucht féachana trí scéal na Réabhlóide, ag tabhairt cuairt ar na suíomhanna stairiúla is aitheanta agus ag an am céanna ag nochtadh scéalta spéisiúla príomhphearsa Éireannacha na Réabhlóide.
Réabhlóid Mheiriceá: Na Laochra Gael, arna léiriú ag GMarshTV le tacaíocht ó TG4, Scéim Fís & Fuaim 4 Choimisiún na Meán, agus Alt 481, Creidmheas Cánach Corparáide Scannán na hÉireann.
Is í Gillian Marsh, déantóir scannán a bhfuil gradaim buaite aici, a léirigh an tsraith agus is é David Ryan a scríobh agus a stiúir í.
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.