Seoladh an tuarascáil nua, Ó Dhíolúine go hIonchuimsiú, a thug rabhadh faoi imní faoin líon méadaitheach mac léinn atá díolmhaithe ó fhoghlaim na Gaeilge Dé Máirt os comhair Chomhchoiste an Oireachtais um an nGaeilge, an Ghaeltacht agus Pobal na Gaeilge.
Scríobh an tOllamh Emeritus Pádraig Ó Duibhir ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath an staidéar, dar teideal Ó Dhíolúine go hIonchuimsiú, agus choimisiúnaigh Conradh na Gaeilge é.
I bpreasráiteas faoin tuarascáil, leag Conradh na Gaeilge amach cuid de na príomhphointí a rinneadh sa taighde:
Bhí breis is 73,000 dalta le díolúine ó staidéar na Gaeilge sa scoilbhliain 2024–2025. Cé go bhfuil an líon daltaí le díolúine ar an mbunscoil réasúnta seasta (12,131 dalta nó 2.2%), tá fás as cuimse de 109% ó 2017 tagtha ar líon na ndíolúintí bronnta ar dhaltaí iar-bhunscoile (60,946 dalta nó 14.3%). Is fiú a chur san áireamh chomh maith nach raibh díolúintí bronnta ach ar 2.5% de dhaltaí iar-bhunscoile i 1999
As an 37,974 dalta iar-bhunscoile a raibh díolúine acu in 2024 de bharr míchumas foghlama, rinne 19,404 (51%) acu staidéar ar theanga iasachta – léiríonn sé seo nach bhfuil míchumas foghlama teanga ann
Beidh díolúine ag 22.5% de dhaltaí iar-bhunscoile faoi 2030 má leanann an ráta fáis mar a bhí le cúig bliana anuas. Staid tubaisteach a bheadh ansin ach sin an treo a bhfuil cúrsaí ag dul mura nglactar gníomh go práinneach
Ní dheonaítear díolúine iomlán ó fhoghlaim teangacha i dtíortha eile na hEorpa ar nós a déantar in Éirinn. Deonaítear díolúine shealadach, páirtdhíolúine, nó curaclam leasaithe sna tíortha eile
Tá ag éirí le daltaí a bhfuil riachtanais bhreise oideachais acu dul i ngleic le teangacha breise agus tá torthaí chomh maith nó níos fearr acu sa chéad teanga (T1) is atá ag a bpiaraí nach ndéanann staidéar ach ar theanga amháin
Bíonn dea-thionchar ag foghlaim scileanna litearthachta an dara teanga (T2) ar scileanna litearthachta T1 de bharr gníomhaíochtaí litearthachta a bheith méadaithe seachas laghdaithe
Tá ag éirí go han-mhaith le daltaí i scoileanna lán-Ghaeilge agus i ngaelcholáistí an Ghaeilge a shealbhú ach an tacaíocht chuí a bheith ar fáil’
Cé go bhfuil an líon daltaí le díolúine ar an mbunscoil réasúnta seasta (12,131 dalta nó 2.2%), tá fás as cuimse de 109% ó 2017 tagtha ar líon na ndíolúintí bronnta ar dhaltaí iar-bhunscoile (60,946 dalta nó 14.3%)
Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: ‘Táimid ag éileamh ar an Aire Oideachais agus Óige Hildegarde Naughton gníomhú ar na moltaí láithreach bonn le dul i ngleic le géarchéim na ndíolúintí ó staidéar na Gaeilge agus le córas ionchuimsitheach atá cothrom a chur ar fáil do dhaltaí na tíre.
‘Caithfear stop a chur leis an gcur i gcéill agus fios againn anois go bhfuil muid ag dul i dtreo go mbeidh dalta amháin as gach cúigear le díolúine acu faoi 2030.
‘Deirtear sa chiorclán a bhaineann leis na díolúintí nach mbronntar díolúine ach go hannamh agus go heisceachtúil. Ní féidir leis an Aire nó leis an Roinn seasamh leis an ráiteas sin a thuilleadh.
‘In áit sin, táimid ag éileamh orthu gníomhú le práinn, le misneach agus le cothrom na féinne a chur ar fáil do gach dalta.’
Scéalta Gaeilge ExtraG.ie ar fáil ar ríomhphost (email)
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil