€12 milliún chun tacú leis An Craoslach (Creeslough) – ach tá daoine i gcoinne aonad tráchtála (commercial development) ar shuíomh na tragóide

14/05/2024

Tá infheistíocht ar fáil do thionscadal ag An Craoslach (Creeslough) i measc conspóide faoi thograí chun aonad tráchtála (commercial development) a thógáil ar an láthair inar tharla an pléascadh

Tá breis agus €12 milliún curtha ar fáil do phlean athnuachana ag An Craoslach (Creeslough), Co. Dhún na nGall, tar éis na pléisce gáis inar bhásaigh deichniúr i 2022.

Beidh €12.1 milliún ar fáil ó Chiste Athghiniúna agus Forbartha Tuaithe (Rural Regeneration and Development Fund) chun cabhrú le go leor tionscadal lena n-áirítear clóis súgartha, gairdíní pobail agus ionad spóirt.

Tá an ciste iomlán mar chuid de phacáiste €164 milliún atá fógartha le haghaidh 30 tionscadal suntasach athnuachana (regeneration) ar fud na tíre.

An pléisce gáis sa Chraoslach (Creeslough)  inar bhásaigh deichniúr i 2022
An pléisce gáis sa Chraoslach (Creeslough) inar bhásaigh deichniúr i 2022

Tá an fhorbairt nua sa Chraoslach (Creeslough) le tógáil taobh thiar de Shéipéal Paróiste Naomh Mhichíl.

Ar fáil ann freisin beidh seomraí príobháideacha comhairleoireachta (counselling) do dhaoine áitiúla atá fós ag streachailt tar éis an tragóid a tharla 19 mí ó shin.

Dúirt an tAire Talmhaíochta Charlie McConalogue, arb as Dún na nGall dó, go mbeidh an fhorbairt ina áis dhearfach don sráidbhaile agus don cheantar máguaird (surrounding area).

Dúirt sé: ‘Guím gach rath orthu siúd a bhfuil sé de chúram orthu an tionscadal a thabhairt chun críche.

‘Déanfaidh an tionscadal seo difríocht mhór agus buan don Chraoslach (Creeslough). Tá go leor oibre déanta san iarratas seo, agus molaim gach duine a bhí páirteach ann.

‘Nochtadh plean athbheochana do shráidbhaile an Chraoslaigh (Creeslough) i mí an Mhárta, le Comhairle Contae Dhún na nGall, Cumann Pobail an Chraoslaigh agus Meitheal an Chraoslaigh ag cur go mór leis.

‘I gcroílár an phlean le haghaidh An Chraoslach (Creeslough) beidh ionad pobail nua a chuimseoidh áiseanna fairsinge spóirt (extensive sporting facilities).

‘Tá an leithdháileadh (allocation) seo ón gCiste Athghiniúna agus Forbartha Tuaithe ceaptha chun geilleagair na tuaithe a spreagadh agus chun freagairt do riachtanais an phobail.’

Mar sin féin, tagann an tionscadal i measc na conspóide faoi thograí chun aonad tráchtála a thógáil ar an láthair inar tharla an pléascadh.

Tá muintir na háite ag éileamh go ndéanfaí cuimhneachán (memorial) ar an áit ina ionad é sin.

Dúirt Donna Harper, arbh í a hiníon Leona an t-íospartach deireanach a fuarthas tar éis an buamála, go raibh ionadh uirthi tar éis dóibh dul i dteagmháil léi faoi na pleananna d’fhorbairt tráchtála ar an suíomh.

Dúirt sí le Donegal Daily i mí an Mhárta: ‘Bhí mé caillte mar gheall na rudaí a chuala mé, ní raibh mé in ann an méid a bhí á chloisteáil agam a chreidiúint.

‘Seo é an suíomh cruinn inar chaill mé m’iníon, áit ar chaill naonúr eile a saolta, áit ar gortaíodh an oiread sin daoine agus as atá an oiread sin daoine faoi thráma.

‘Domsa, is píosa naofa talún é sin.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram