Gabhadh fear agus bean, atá sna 40idí, mar chuid den fhiosrúchán ar thragóid Craoslach (Creeslough).
Fuair 10 nduine bás sa phléasc ag stáisiún seirbhíse i gCraoslach (Creeslough), i gContae Dhún na nGall i 2022.
I ráiteas, dúirt Gardaí gur gabhadh fear agus bean, beirt in aois a 40í, agus go bhfuil siad á gcoinneáil ag stáisiúin Garda difriúla i gContae Dhún na nGall.
Rinneadh na gabhálacha ar maidin Dé Luain san fhiosrúchán leanúnach ar an bpléascadh ag an stáisiún seirbhíse agus ag an bhfoirgneamh árasán ar 7 Deireadh Fómhair 2022.
Gabhadh iad mar gheall ar chionta líomhnaithe atá contrártha leis an Acht um Chionta Neamh-Mharfacha (Fatal Offences Against the Person Act) in aghaidh an Duine 1997.
Bhásaigh ceathrar fear, triúr ban agus triúr ógánach, idir cúig bliana agus 59 bliain d’aois, sa phléascadh i gCraoslach (Creeslough).
Ba iad Robert Garwe agus a iníon, cúig bliana d’aois, Shauna Flanagan Garwe, Catherine O’Donnell agus a mac 13 bliana d’aois James Monaghan, Jessica Gallagher, Martin McGill, James O’Flaherty, Martina Martin, Hugh Kelly agus Leona Harper a bhí 14 bliain d’aois.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.