Tá an t-éileamh nach raibh roinnt paraimhíochaineoirí in ann an teorainn a thrasnú chun cabhrú le híospartaigh (victims) pléascadh an Chraoslaigh diúltaithe ag oifigigh otharcharr i dTuaisceart Éireann.
Mharaigh phléasc an Chraoslaigh, I gCo Dhún na nGall, 10 nduine anuraidh.
Mhaígh Seanadóir de chuid Fhine Gael Emer Currie nach raibh criúnna áirithe as Doire in ann dul go Dún na nGall mar ‘nach raibh na víosaí riachtanacha ag paraimhíochaineoirí áirithe’.
Bhí sí ag labhairt ag Tionól Parlaiminteach na Breataine agus na hÉireann (British-Irish Parliamentary Assembly) ar Dé Máirt.
Dúirt Seirbhís Otharcharranna Thuaisceart Éireann (Northern Ireland Ambulance Service, NIAS) áfach, go ndiúltaíonn an tseirbhís na líomhaintí go hiomlán agus dúirt siad ‘nár cuireadh cosc ar aon fhoireann NIAS an teorainn a thrasnú ar chúis ar bith’.
Dúirt siad freisin gur fhreagair an tseirbhís otharchairr láithreach agus go mór mór don phléasc, a fógraíodh mar eachtra mhór.
Bhí ról suntasach ag seirbhísí éigeandála an Tuaiscirt, áfach, i ndiaidh an thragóid i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite, lena n-áirítear criúnna ó Sheirbhís Dóiteáin agus Tarrthála Thuaisceart Éireann.
An rud a dúirt Seanadóir Currie ná: ‘Ní fhéadfadh roinnt otharcharr ó Thuaisceart Éireann cabhrú le linn an phléasc a tharla i gCraoslach toisc nach raibh na víosaí riachtanacha ag gach paraimhíochaineoir chun an teorainn dofheicthe a thrasnú.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.