Níl RTÉ ag lorg cluichí as GAAGO. Deis do TG4, b’fhéidir?

07/08/2024

In ainneoin na conspóide go gcaithfear íoc as cluichí móra GAAGO, níl athrú meon in RTÉ, ach táthar ag moladh gur cheart do TG4 na cluichí móra a thaispeáint

Ní bheidh RTÉ ag tairiscint tuilleadh cluichí CLG, atá ar GAAGO anois, in ainneoin na cháinte nár léirigh siad cluichí móra i mbliana.

Ach anois tá an moladh ann go bhfuil an seans ann do TG4 na cluichí sin a chur ar fáil.

Taispeánadh go leor de na cluichí móra CLG ar an tseirbhís sruthaithe (streaming service) GAAGO, nach mór íoc astu.

Gráinne McElwain agus Séamus Hickey ar GAAGO Pic: Eóin Noonan/Sportsfile
Gráinne McElwain agus Séamus Hickey ar GAAGO Pic: Eóin Noonan/Sportsfile

Agus éilíodh go raibh níos mó suime ag an gcraoltóir náisiúnta cluichí Chraobhchomórtas sacair na hEorpa (na Euros) ar fad a thaispeáint ná cuid de na cluichí CLG is mó a raibh tóir orthu.

Mar shampla, bhí cluichí lena n-áirítear cluiche ceannais iomána Chorcaí in aghaidh Luimneach taobh thiar de bhalla íocaíochta (paywall) GAAGO in ionad a bheith ar RTÉ.

Fiú, rinne an Taoiseach Simon Harris agus an Tánaiste Micheál Martin idirghabháil faoi sin ag an am.

Dúirt Martin gurb é an ‘dearcadh pearsanta’ atá aige le fada an lá ná nár cheart go gcuirfí táillí breise ar lucht leanúna féachaint ar chluichí CLG ar líne.

‘Ba mhaith linn go bhfeicfidh níos mó daoine an iománaíocht á himirt. Is rud é ar cheart athbhreithniú a dhéanamh air,’ a dúirt sé.

Tá an chuma ar an scéal, áfach, nach mbeidh aon athrú ann tar éis don CLG a fhógairt go bhfuil siad ag lorg craoltóirí ar spéis leo a gcuid cluichí a thaispeáint.

Is do na cluichí atá á gcraoladh ag GAAGO faoi láthair, a bhí taobh thiar de bhalla íocaíochta Sky Sports roimhe seo, a bheidh á thairiscint.

Mar sin d’fhéadfadh TG4 nó Virgin Media, nó fiú ardáin sruthú ar nós Amazon, tairiscint a dhéanamh ar na cearta.

Níl aon athrú ar an socrú atá ag RTÉ agus an BBC le CLG, nach bhfuil baint aige le GAAGO.

I ráiteas gairid, dúirt an CLG: ‘Tá Cumann Lúthchleas Gael ag lorg léirithe spéise do chearta na meán maidir le pacáistí craolta baile ar leith do Chraobh CLG.’

Ina dhiaidh sin, dheimhnigh RTÉ nach mbeadh sé ag tairiscint dóibh.

Dúirt Seanadóir Fhine Gael Tim Lombard gur cheart do TG4 nó Virgin Media tairiscint a dhéanamh orthu le cinntiú go mbeidh na cluichí craoibhe saor in aisce.

Micheál Martin
Micheál Martin

Beidh 31 cluiche craoibhe fós á dtaispeáint ag RTÉ chomh maith le cluiche ceannais Chorn Joe McDonagh, agus cluichí leathcheannais agus cluichí ceannais Chorn Tailteann go dtí 2027.

Taispeántar 38 cluiche ceannais ar GAAGO a chosnaíonn €79 ar phas séasúir.

Is comhfhiontar é GAAGO le RTÉ agus CLG.

Agus léiríonn cuntais gur mhéadaigh ioncam RTÉ uaidh go €5.1 milliún anuraidh ó €2.4 milliún i 2022.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram