Titanic, an cheist €664,000! An raibh an ‘dude’ Jack ag dul síos ar aon nós?

31/03/2024

Is minic a d’fhiafraigh lucht leanúna an Titanic an raibh spás do Rose AGUS Jack ar an ‘doras’ ag deireadh an Titanic – ach ní thaitneoidh freagra an stiúrthóir leo

Tá an píosa adhmaid a choinnigh Rose beo ag deireadh an Titanic díolta ar €664,000 ag ceant (auction). D’fhreagair an ‘prop’ ceist amháin a chuir isteach ar go leor lucht leanúna an Titanic –  an raibh sé mór go leor chun Jack a shábháil freisin?

Sa radharc cáiliúil ag deireadh an Titanic, faigheann Jack bás san uisce agus é ag íobairt (sacrifice) é féin chun Rose a choinneáil slán ar an bpainéal.

Leonardo DiCaprio agus Kate Winslet i Titanic
Leonardo DiCaprio agus Kate Winslet i Titanic

Ach ó scaoileadh an scannán i 1997, tá lucht leanúna ag smaoineamh an bhféadfadh Rose spás a fhágáil do Jack, ionas go ndéanfaí an bheirt acu a shábháil.

Ar  Mythbusters, i 2012, dúirt stiúrthóir an Titanic, James Cameron, go bhfaigheann sé an iliomad ríomhphost gach lá ag rá go raibh Rose ‘selffish’ agus Jack mar ‘idiot’.

Deir siad go raibh spás don bheirt acu ar a ‘doras’. Agus anois mar go bhfuil an píosa adhmaid díolta tá a fhios againn cé chomh mór agus a bhí sé – ach fós tá fadhb, a deir Cameron.

Ar a chéad dul síos, ní doras a bhí sa phíosa adhmaid, mar a chreidtear go coitianta, ach rinneadh é a dhearadh le bheith cosúil le cuid de fhráma dorais ornáideach adhmaid ó tholglann den chéad scoth an Titanic.

Agus tá sé ráite ag ceantálaithe (auctioneers) go bhfuil sé 8 dtroigh ar fad agus 41 orlach ar leithead – mór go leor chun Leonardo DiCaprio agus Kate Winslet a bheith feistithe ar an mbarr.

titanic feat1
Aon spás, Rose? Nó, Dude, tá tú ag dul síos ar aon nós!

Mar sin, an bhféadfadh Jack teacht slán ón Titanic? Ní hea, a dúirt an stiúrthóir. Dúirt sé go raibh ar Jack bás a fháil ar aon nós, is cuma cad a tharla, de réir na scripte.

‘B’fhéidir go ndearna muid praiseach de, agus ba cheart go mbeadh an bord beagán beag níos lú, ach bhí an “dude” ag dul síos,” a dúirt sé.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram