Fuarthas ‘human remains’ laistigh de scrios an Titan, de réir tuairisc

Tháinig imscrúdaitheoirí ar thaisí daonna (human remains) laistigh de scrios an Titan,  an ‘mini-sub’ a chuaigh ar thuras chuig an Titanic níos luaithe an mhí seo, de réir tuairisc.

Déanfaidh Garda Cósta na Stát Aontaithe an fhianaise ón Titan a fuarthas ón Atlantach Thuaidh a iompar chuig calafort I Meiriceá, áit a ndéanfaidh saineolaithe leighis anailís fhoirmiúil ar na taisí (remains).

Is iad siúd a fuair bás ar an Titan POF (CEO) OceanGate, an chuideachta a d’oibrigh an Titan, agus píolótach Stockton Rush; beirt bhall de theaghlach mór le rá Pacastánach, Shahzada Dawood agus a mhac Suleman; eachtránaí Briotanach Hamish Harding; agus saineolaí Titanic na Fraince Paul-Henri Nargeolet.

Bhi Shahzada Dawood agus a mhac Suleman ar an Titan
Bhi Shahzada Dawood agus a mhac Suleman ar an Titan

‘Cuirfidh an fhianaise léargais chriticiúla ar fáil d’imscrúdaitheoirí ó roinnt dlínsí (jurisdictions) idirnáisiúnta ar chúis na tragóide seo,’ a dúirt Jason Neubauer, cathaoirleach ar Bhord Imscrúduithe na Mara.

‘Tá go leor oibre fós le déanamh chun tuiscint a fháil ar na fachtóirí ba chúis le caillteanas tubaisteach an Titan agus chun cuidiú le cinntiú nach dtarlóidh tragóid dá leithéid arís,’ a dúirt sé.

Tháinig an nuacht beagnach seachtain tar éis d’údaráis a fhógairt go raibh scrios an Titan aimsithe acu.

Cailleadh é agus iarracht á déanamh aige dul síos go dtí scrios an Titanic dhá mhíle faoin dromchla (surface) agus bhí iarracht idirnáisiúnta cuardaigh agus tarrthála (rescue) ar siúl.

Bhí Stockton Rush ar an Titan
Bhí Stockton Rush ar an Titan

Is dócha gur maraíodh an cúigear a bhí ar bord an Titan ar an toirt (instantly) I, ‘inphléascadh (implosion) tubaisteach’, a dúirt an Garda Cósta an tseachtain seo caite.

Tugadh píosaí den Titan i dtír i dTalamh an Éisc (Newfoundland), Ceanada, maidin Dé Céadaoin.

Is fianaise é sin a fhreagróidh ceisteanna faoi dhearadh turgnamhach (experimental design) an Titan, faoi chaighdeáin sábháilteachta agus faoi easpa deimhniúchán (certification).

Bhí  píosaí móra miotail cosúil le codanna de chabhail bhán (white cables) an Titan ann, agus sciorrthaí tuirlingthe (landing skids), atá deartha chun tuirlingt ar ghrinneall na farraige (seabed),.

Ann freisin bhí cáblaí casta agus nithe eile ar dócha go raibh baint acu leis an Titan a bhí 6.7-méadar ar fhad.

Seoladh ó long é an 18 Meitheamh, agus chaill sé teagmháil leis an dromchla uair an chloig agus 45 nóiméad ina dhiaidh sin.

Bhí amhras ar shaineolaithe tionscail le fada faoi dhearadh na Titan agus d’ardaigh siad ceisteanna faoi thaifead sábháilteachta OceanGate, an chuideachta SAM a d’oibrigh an Titan.

OceanGate Expeditions bunaithe i Everett, Washington, ach cláraíodh an Titan sna Bahámaí. Dhún an chuideachta nuair a fuarthas an Titan.

Idir an dá linn, ba as Ceanada do mháthair-long an Titan, an Polar Prince.


Spread the word/Scaip an scéal

Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht  agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.

Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.

Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie@gmail.com.

Agus chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul i dteagmháil le Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram