Beidh duine clúiteach ag filleadh ar RTÉ tar éis deireadh ag teacht leis an Tommy Tiernan Show.
Mar sin féin, beidh an Late late Show ag teacht chun críche don samhradh go luath freisin agus níl aon chaint faoi chlár comhrá le cur ina áit.
Mar sin dealraíonn sé go mbeidh RTÉ ag dul isteach i séasúr teilifíse an tsamhraidh gan seó cainte deireadh seachtaine den chéad uair le roinnt blianta anuas.
Níl aon chomhartha ann go bhfillfidh Ask Me Anything le Angela Scanlon.
Chríochnaigh Tommy an t-ochtú séasúr dá sheó cainte Dé Sathairn seo caite.
Ag an am bhuail Tommy leis an mbean ghrinn Róisín Conaty, an ceoltóir Mik Pyro agus an tógálaí meáchain (weightlifter) Thammy Nguyen.
Agus le linn an tséasúir chuir sé agallamh ar dhaoine ar nós an peileadóir Éireannach Shay Given, Bradley Walsh de chuid The Chase agus an bhean ghrinn Deirdre O’Kane.
Agus le sliotán 9.40pm ar RTÉ a hAon oscailte don samhradh, is é Pat Shortt a mbeidh ina áit. Beidh sé ag cur an chéad chlár ina shraith ceoil nua i láthair Dé Sathairn, 29 Aibreán, ag 9.15pm.
In éineacht leis beidh an láithreoir agus ceoltóir as Stockton’s Wing, Mike Hanrahan, le Songs of Ireland.
Don seó beidh Pat ag taisteal ar fud na tíre chun amhráin agus foinn a chloisteáil ó dhaoine éagsúla.
Beidh an seó ag fiosrú ceol, ceoltóirí agus cultúr na hÉireann agus le linn na sraithe beidh Pat agus Mike ag foghlaim faoin stair atá taobh thiar de chuid de na foinn is cáiliúla in Éirinn.
Agus tar éis dóibh roinnt de na hamhráin a fhoghlaim, beidh Pat agus Mike ag taispeáint a gcuid buanna ceoil féin i dtithe tábhairne ar fud na tíre.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.