Tá níos mó ná 40 duine ar iarraidh tar éis do bhád imirceach dul i léig ó oileán Iodálach, Lampedusa, ar Déardaoin.
Sin an lá a raibh meáin an domhain ag déanamh clúdach leanúnach ar cruachás cúigear fear saibhir a bhí ag taisteal go dtí an Titanic.
D’imigh an bád ó Túinéis agus bhí 46 imirceach á n-iompar aige ó Camarún, Buircíne Fasó agus Cósta Eabhair (Ivory Coast).
Bhí leanbh nuabheirthe (newborn) amháin ar a laghad ina measc siúd a bhí ar iarraidh ón bád.
Agus an tseachtain seo caite chuaigh trálaer a bhí lán le inimircigh ón Libia go tóin poill (sank) amach ó chósta na Gréige.
Seasann an dola báis oifigiúil ón bád sin ag 82, agus tarraingíodh 104 marthanóir (survivors) as an uisce, ach tugann cuntais finnéithe le fios go ndeachaigh na céadta eile síos leis an long, agus a gcuid iarsmaí fós ar iarraidh ar muir.
Chuaigh an bád a cailleadh amach ó chósta na hIodáile i léig le gaotha láidre agus tonnta arda agus tugadh roinnt marthanóirí (survivors) go Lampedusa agus tugadh cuid eile ar ais go dtí an Túinéis.
‘I measc na ndaoine a chuaigh ar iarraidh bhí seachtar ban agus leanbh. Is fir fásta iad na marthanóirí go léir,’ a dúirt Flavio Di Giacomo, urlabhraí do ghníomhaireacht imirce na Náisiún Aontaithe, IOM.
‘Tá sé do-ghlactha (unacceptable) leanúint ar aghaidh ag comhaireamh (counting) na marbh ag geataí na hEorpa.’ a dúirt ionadaí UNHCR don Iodáil Chiara Cardoletti.
Bhí sé ag tagairt do longbhriseadh marfach bád imirceach a tharla cheana féin san Iodáil, sa Ghréig agus sa Spáinn.
‘Is ceist choinsiasa (conscience) é anois go mbeadh meicníocht chomhordaithe (shared mechanism) agus roinnte tarrthála (rescue) ar muir idir stáit,’ a dúirt sé.
Suite timpeall 145 ciliméadar (90 míle) ó chósta na Túinéise, tá an oileán Iodálach Lampedusa ar cheann de na pointí iontrála is mó d'imircigh ag trasnú na Meánmhara.
Anuraidh, tháinig níos mó ná 46,000 duine ann, as iomlán de 105,000 san Iodáil, de réir an UNHCR.
Tá airí an AE tar éis teacht ar chomhaontú maidir le hathbhreithniú fadtréimhseach ar rialacha an bhloc chun óstáil iarrthóirí tearmainn (asylum seekers) agus imircigh a roinnt ar bhealach níos cothroime.
I mí Mheán Fómhair 2020, chuir an Coimisiún Eorpach Comhshocrú Nua ar Imirce agus Tearmann amach, pacáiste athchóirithe a bhfuil súil aige a ghlacadh faoi earrach 2024.
Baineann sé sin go háirithe le cabhair éigeantach idir comhaltaí (members) an AE atá ag cuir cúram iarrthóirí tearmainn ar fáil.
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.
Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.
Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.