Tá ionadh ormsa freisin! Éist leis an amhrán ar Uimhir a hAon i Meiriceá an tseachtain seo, Hozier le Too Sweet 

22/04/2024

Tá Hozier, an t-amhránaí as Bré, Co. Chill Mhantáin (Wicklow), ar barr na gcairteacha (charts) i Meiriceá 

Tá an t-amhrán is mó a bhfuil tóir air i Meiriceá an tseachtain seo ag Hozier – agus chuir an t-amhránaí Éireannach físeán ar X ag insint dá lucht leanúna go bhfuil sé ‘taken massively by surprise by it’. 

Tháinig an t-amhrán, Too Sweet le Hozier, ar Uimhir a hAon sna cairteacha Meiriceánacha tar éis don amhrán a bheith ar Uimhir a hAon in Éirinn don dara huair an tseachtain seo. 

Níl Hozier ach ar an gceathrú ealaíontóir Éireannach riamh a raibh singil ar Uimhir a hAon acu i gcairteacha amhrán Mheiriceá. 

EP nua ag Hozier freisin
EP nua ag Hozier freisin

Is iad na healaíontóirí Éireannacha eile ar éirigh chomh maith sin leo i Meiriceá ná, ar ndóigh, U2 agus Sinéad O’Connor. 

An féidir leat buille faoi thuairim a thabhairt ar cé hé an ceathrú duine. Cliceáil ar an nasc ag deireadh an scéil seo chun é a chloisteáil ag canadh an amhráin sin. 

Bhí dhá amhrán ar Uimhir a hAon ag U2 i Meiriceá, an dá cheann i 1987, I Still Haven’t Found What I’m Looking For agus With or Without You. 

Bhí Sinéad O’Connor ar Uimhir a hAon i Meiriceá ar feadh ceithre seachtaine le Nothing Compares 2 U i 1990. 

Tá níos mó tóir anois ar Too Sweet ná an t-amhrán a rinne clú agus cáil do Hozier, a chéad amhrán, Take Me To Church, a bhí mar Uimhir a Dó sna Cairteacha Éireannacha i 2014. 

Tá Too Sweet mar chuid den EP is déanaí de chuid Hozier, Unheard, ina bhfuil ceithre amhrán óna albam is déanaí, Unreal Unearth. 

Is iad Empire Now, Fare Well, agus Wildflower and Barley na hamhráin eile ar an EP. 

Beidh Hozier i bPáirc Marlay i mBaile Átha Cliath, Dé hAoine, 5 Iúil. 

Cliceáil ANSEO chun éisteacht le Gilbert O’Sullivan, a rugadh i gContae Phort Láirge (Waterford) i 1946, ag canadh Alone Again (Naturally), a bhí mar Uimhir a hAon i Meiriceá i mí Iúil, 1972, caoga dó bliain ó shin. 


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram