An raibh ar Jack bás a fháil ag deireadh an Titanic? Tá an freagra againn

06/03/2024

Deir stiúrthóir Titanic James Cameron go raibh ar Jack bás a fháil. Deir go leor lucht leanúna nach raibh aon ghá leis sin. Anois, tá an freagra ag an doras?

Is rud é nach bhfuil glactha ag go leor den lucht féachana, mar gheall ar an deireadh tragóideach ar an scannán, Titanic i 1997.

Mar sin féin, tá freagra ann anois – mar gheall ar ceant (auction) stuif a bhí sa scannán – ar an cheist: An raibh dóthain spáis do Rose AGUS Jack ar fhráma an dorais adhmaid san uisce ag deireadh an scannáin?

Titanic le Leonardo DiCaprio agus Kate Winslet
Titanic le Leonardo DiCaprio agus Kate Winslet

Tá an doras ón Titanic, a athraíodh ina rafta tarrthála (life raft), ar díol ar €37,000 anois agus tá sé ráite ag ceantálaithe (auctioneers) go bhfuil sé 8 dtroigh ar fad agus 41 orlach ar leithead – mór go leor chun Leonardo DiCaprio agus Kate Winslet a bheith feistithe ar an mbarr.

Sa radharc cáiliúil ag deireadh an Titanic, reoiteann (freezes) Jack chun báis san uisce agus é ag íobairt (sacrifice) é féin chun Rose a choinneáil slán ar an bpainéal.

Tá plé déanta arís agus arís eile ag an lucht féachana an Titanic ar chríoch an scannáin, agus fiú chruthaigh roinnt lucht leanúna macasamhail  (replica) chun a léiriú go bhféadfadh an bheirt acu a bheith tagtha slán.

Bhí an radharc leis an rafta tarrthála (life raft) sa scannán spreagtha ag píosa adhmaid a tháinig slán ó thubaiste an Titanic i 1912.
Bhí an radharc leis an rafta tarrthála (life raft) sa scannán spreagtha ag píosa adhmaid a tháinig slán ó thubaiste an Titanic i 1912.

Chosain stiúrthóir an Titanic, James Cameron, deireadh an scannáin roimhe seo, ag rá go rachadh an rafta faoin uisce mar gheall ar meáchain na lánúine agus, ar aon nós, go raibh ar Jack ‘bás’ a fháil mar gur tragóid a bhí sa scéal.

Bhí an radharc leis an rafta tarrthála (life raft) sa scannán spreagtha ag píosa adhmaid a tháinig slán ó thubaiste an Titanic i 1912.

Ní doras a bhí sa phíosa adhmaid, mar a chreidtear go coitianta, ach rinneadh é a dhearadh le bheith cosúil le cuid de fhráma dorais ornáideach adhmaid ó tolglann den chéad scoth an Titanic.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram