Sé ghlao gutháin i naoi n-uaire – an fáth ar éirigh Siún Ní Raghallaigh as

08/03/2024

Cén fáth nach labhródh Catherine Martin le Siún Ní Raghallaigh sula rachadh sí ar agallamh Prime Time, cé gur iarradh uirthi é sin a dhéanamh?

Táthar ag fiafraí de Catherine Martin cén fáth nach labhródh sí le Siún Ní Raghallaigh le linn sé ghlao gutháin idir cathaoirleach bhord RTÉ agus oifigigh an Aire sula n-éireoidh Ní Raghallaigh as oifig.

Le linn na nglaonna sin dúirt Ms Ní Raghallaigh faoi dhó gur mhaith léi labhairt leis an Aire agus thug sí le fios trí huaire go mbeadh uirthi éirigh as.

Catherine Martin
Catherine Martin

Nochtann doiciméid an teagmháil a bhí idir oifigigh an Aire agus Ms Ní Raghallaigh ó 10am go 7.30pm – sular theip ar Ms Martin muinín a léiriú i gcathaoirleach RTÉ ar an teilifís an oíche sin.

Tá teip an Aire labhairt leis an gcathaoirleach i rith an lae sin ‘neamhréasúnach’, a deir TD de chuid an Rialtais.

Dúirt TD Fhine Gael, Brendan Griffin, go gcaithfidh an tAire ceisteanna breise a fhreagairt faoi cé acu an raibh éirí as oifig Ms Ní Raghallaigh ‘engineered’.

‘Is dóigh liom nach bhfuil sé inchreidte go ndeachaigh an tAire ar Prime Time ag súil go bhféadfaí an cheist a réiteach an lá dár gcionn, mar gheall ar an méid a bhí ar eolas aici ag an am maidir leis na bagairtí éirí as oifig agus an t-ord imeachtaí le seoladh na litreach, ‘ a dúirt an TD, de réir an Irish Daily Mail.

‘Ní fheicim go bhfuil aon iarrachtaí réasúnta á ndéanamh ag an Aire chun iarracht a dhéanamh an cás a mhaolú nó teacht ar thuiscint.’

Léiríonn amlíne na nglaonna agus na nótaí a malartaíodh (exchanged) lá an agallaimh teilifíse leis an Aire ar Prime Time gur thug an t-iarchathaoirleach (ex-chair) rabhadh don aire trí huaire go gcuirfí iallach uirthi éirí as dá gcuirfí litir in iúl ag léiriú díomá ina cuid oibre.

Thosaigh na glaonna ag 10am an mhaidin sin nuair a ghlaoigh Ms Ní Raghallaigh ar oifig Ms Martin chun a chur in iúl di gur chuir sí mí-eolas uirthi maidir le pacáistí scoir sínithe an bhliain roimhe sin, a pléadh leis an Aire ag dhá chruinniú níos luaithe an tseachtain sin.

Siún Ní Raghallaigh
Siún Ní Raghallaigh

Chuir sí béim, áfach, go raibh an t-eolas seo curtha ar aghaidh chuig an Roinn chéanna cúig mhí roimhe sin.

Dúirt Ms Ní Raghallaigh leis an Aire faoi dhó nach raibh ról ar bith ag bord RTÉ pacáiste scoir a cheadú don iarcheannaire airgeadais a d’fhág an stáisiún i mí Dheireadh Fómhair.

Mar sin féin, bhí sí i láthair ag cruinniú de Choiste Luach Saothair (Remuneration Committee) Bhord RTÉ inar comhaontaíodh an pacáiste.

Trí huaire i rith an lae dúirt an cathaoirleach leis na hoifigigh go mbeadh uirthi éirí as dá gcuirfeadh an tAire litir ag cur a díomá in iúl.

Thairg sí labhairt leis an Aire ar an bhfón sula dtarlódh sé sin.

Deir na nótaí, áfach, ‘Mheas an tAire go raibh sé tábhachtach go ndéanfaí an cheist a phlé ar bhealach foirmiúil, trí chruinniú (ar líne nó go pearsanta) leis na hoifigigh a bhí i láthair’.

Ag 2pm deir na nótaí: ‘Chuir an rúnaí cúnta in iúl don chathaoirleach go raibh imní ar an Aire mar gur thug sí faisnéis (information) mhícheart go poiblí an tseachtain seo ar bhonn na faisnéise mícheart a soláthraíodh.

‘Bhí an tAire ag smaoineamh ar scríobh chuig an gcathaoirleach lena díomá a chur in iúl.’

Ag 2.30pm, fuair Rúnaí Ginearálta an Aire Feargal Ó Coigligh glaoch ón gcathaoirleach, áit ar chuir sí a míshásta leis an ionchas litir a fháil ón Aire.

Chreid sí nach mbeadh sí in ann fanacht sa suíomh dá bhfaigheadh sí litir dá leithéid.

Brendan Griffin
Brendan Griffin

Ag 6.45pm, i nglao gutháin chuir an tArd-Rúnaí in iúl do Ms Ní Raghallaigh go seolfadh an tAire an litir agus go n-iarrfadh sé cruinniú an mhaidin dár gcionn. Dearbhaítear sna nótaí go n-éireodh Ms Ní Raghallaigh as dá bhfaigheadh sí litir ag glaoch uirthi chuig cruinniú dá leithéid. Dúirt sí go mbeadh sí sásta labhairt leis an Aire ar an bhfón.

Níos déanaí, díreach uair an chloig sula raibh an tAire le labhairt ar Prime Time ag 9.35pm, dúradh leis an gcathaoirleach nach bhféadfadh an tAire a cheilt gur thug sí faisnéis mícheart do na meáin níos luaithe sa tseachtain maidir le ról an bhoird.

Dúirt an Teachta Dála Griffin: ‘Ní cosúil go bhféadfadh an tAire a bheith ag súil le réasún go mbeadh an scéal scaipthe maidin Dé hAoine tar éis di dul ar Prime Time agus an méid a dúirt sí a rá.

‘Is cosúil go raibh cinneadh déanta, chomh fada agus is féidir liom a fheiceáil, nach raibh cathaoirleach RTÉ, bealach amháin nó bealach eile, le bheith ina post ón 23 Feabhra.’

I ráiteas níos luaithe an tseachtain seo dúirt Ms Ní Raghallaigh: ‘Is botún a rinne mé, ghabh mé mo leithscéal as an earráid, agus d’fhiafraigh an ndéanfadh an tAire machnamh ar an soiléiriú a admháil agus a ghlacadh.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram