Tá infheisteoirí ó thar lear ag ceannach árasáin a bhfuil lochtanna beaga orthu, in ionad lánúineacha óga toisc nach dtabharfaidh bainc morgáiste dóibh.
Léiríonn imscrúdú a rinne am Irish Times an chaoi atá ceannaitheoirí, a bhfuil airgead tirim (cash) acu – infheisteoirí ó thar lear den chuid is mó – ag fáil árasán in ionad cheannaitheoirí tí mar gheall ar bheartas na mbanc.
Cé go bhfuil cuid de na lochtanna sna hárasáin mór agus go bhféadfadh lochtanna contúirteacha a bheith i gceist leo, is fadhbanna beaga iad cuid eile.
Fuarthas amach san imscrúdú a rinne an Irish Times nach bhfuil lánúineacha, a ceadaíodh morgáiste a fháil, in ann árasán athláimhe (second-hand) a cheannach, a bhfuil obair leasúcháin ag teastáil uathu.
I gcásanna áirithe ní gá don obair ach aláram dóiteáin atá as dáta a athsholáthar, de réir na tuairisce.
Tá an chuma ar an scéal nach bhfuil na bainc sásta iasacht a thabhairt dóibh mar gheall ar éiginnteacht maidir le scéim Rialtais chun iad a shocrú.
Tá sé ráite ag gníomhairí eastáit go bhfuil árasáin a tógadh idir 1991 agus 2013, nach bhfuil ag cloí le rialacháin dóiteáin nó a bhfuil locht éigin orthu, á ndíol go heisiach (exclusively) le ceannaitheoirí a bhfuil airgead tirim acu.
Agus is féidir leo siúd a bhfuil an t-airgead tirim acu, ar infheisteoirí ó thar lear iad den chuid is mó, na hárasáin a cheannach ar phraghsanna laghdaithe mar go bhfuil níos lú daoine ar fáil chun iad a cheannach.
Nuair a dhéanfar iad a fheabhsú, d’fhéadfadh go mbeadh na mílte árasán ar fáil do cheannaitheoirí mar go bhfuil iarratais déanta faoin scéim ar níos mó ná 17,000 árasán.
Dúirt Richard Todd, stiúrthóir comhlach ag Leonard Wilson Keenan, go raibh ceannaitheoirí céaduaire (first-time buyers) nach bhfuil in ann árasán a cheannach mar gheall ar bheartas na mbanc.
Níl na bainc sásta iasacht a thabhairt is cuma cé acu an bhfuil an fhadhb leis am árasán beag nó suntasach, a dúirt sé.
Tá geallta ag an Rialtas go dtabharfar isteach scéim leasúcháin €2.5 billiún chun suas le 100,000 bloc árasán lochtach a dheisiú ach níltear ag súil go mbeidh sé i bhfeidhm go dtí an bhliain seo chugainn.
Idir an dá linn, tá árasáin lochtacha á gceannach ar phraghsanna níos ísle ag infheisteoirí ó thar lear, a íocann airgead tirim, le gur féidir leo iad a ligean amach ar cíos nó lóistín a chur ar fáil dá bpáistí atá ag freastal ar ollscoileanna na hÉireann, de réir tuairisce an Irish Times.
Is cur amú ama é iarracht a dhéanamh árasán mar seo a dhíol le ‘duine ar bith nach ceannaitheoir airgid é’, a dúirt David Brock, stiúrthóir gníomhairí eastáit Brock Deappe.
‘Níl siad á gceannach ach ag ceannaitheoirí airgid, agus is infheisteoir é aon cheannaitheoir airgid thirim,’ a dúirt sé.
Dúirt Banc na hÉireann go mbeadh faisnéis bhreise ag teastáil ón gceannaitheoir tí agus ón mbanc chun an cheist a réiteach sa chás go bhfuil fadhb aitheanta ag árasán.
Dúirt AIB agus Permanent TSB go ndéanann siad measúnú ar iarratais mhorgáiste ar árasáin ‘ar bhonn cás ar chás’.
Dúirt urlabhraí tithíochta na nDaonlathaithe Sóisialacha, Cian O’Callaghan, go bhfuil dul chun cinn ‘an-mhall’ ar scéim leasúcháin an Rialtais.
‘Le ceannaitheoirí airgid thirim amháin, beidh an úinéireacht níos mó agus níos mó i lámha infheisteoirí ó thar lear,’ a dúirt sé.
‘Tá na hárasáin seo mar chuid dár stoc náisiúnta tithíochta, mar sin dá luaithe a leigheasaimid iad, agus dá luaithe a bheidh siad níos sábháilte chun cónaí iontu, is amhlaidh is mó is féidir le daoine iad a dhíol agus a cheannach.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.