Conspóid ‘An Póg’ níos measa do iar-cheannaire peile na Spáinne, Rubiales

07/12/2023

Dúirt ceannaire FA Shasana gur bhain iar-cheannaire peile na Spáinne Luis Rubiales ‘go míchuí’ le himreoirí Shasana chomh maith le himreoirí na Spáinne.

Chuaigh Luis Rubiales i dteagmháil go míchuí le himreoirí ban Shasana ag an am céanna a phóg sé an t-imreoir Spáinneach Jenni Hermoso, tar éis Chluiche Ceannais Chorn Domhanda na mBan, a dúirt cathaoirleach FA Shasana, Debbie Hewitt.

Ach d’fhreagair Rubiales, atá  ina iar-uachtarán náireach de chumann peile na Spáinne (an RFEF), trí ‘hypocrite’ a ghlaoch ar an Uasal Hewitt, toisc gur rug sí barróg (hug) ar imreoirí áirithe.

‘Chuimil sé cuid ar a ndroim, thapáil sé duine eile ar a tóin, rug sé ar láimh daoine áirithe, thóg sé roinnt eile dá gcosa agus ardaíodh ceann amháin faoi dhó’.
‘Chuimil sé cuid ar a ndroim, thapáil sé duine eile ar a tóin, rug sé ar láimh daoine áirithe, thóg sé roinnt eile dá gcosa agus ardaíodh ceann amháin faoi dhó’.

Tá an líomhain déanta i gcáipéisí atá foilsithe ag an gcomhlacht rialaithe sacair domhanda, FIFA chun tacú le cinneadh a bpainéal smachta (disciplinary panel) chun cosc a chur ar Rubiales aon bhaint a bheith aige le peile ar feadh trí bliana.

Iarradh ar Hewitt fianaise a thabhairt don imscrúdú  toisc go raibh sí ina seasamh in aice le Rubiales le linn searmanas na mbonn (medal ceremony), tar éis an chluiche ceannais i Sydney ar an 20 Lúnasa. Sheas sí díreach in aice le Rubiales ar an ‘podium’.

Ina ráiteas dúirt sí go raibh glór Rubiales i leith maoir chluiche agus foireann FIFA ‘míthaitneamhach agus ionsaitheach gan ghá’.

Rinne sí dhá líomhain (allegations) faoi leith freisin faoi Rubiales le himreoirí Shasana Lucy Bronze agus Laura Coombs.

Chuir Rubiales ‘hypocrisy’ i leith Hewitt mar, a dúirt sé, gur rug sí barróg ar roinnt imreoirí í féin
Chuir Rubiales ‘hypocrisy’ i leith Hewitt mar, a dúirt sé, gur rug sí barróg ar roinnt imreoirí í féin

Dúirt Hewitt gur ‘cuimil (stroke)’ Rubiales aghaidh Coombs agus ansin ‘is cosúil gur phóg sé Lucy Bronze ar a aghaidh go tréan’.

Agus nuair a shiúil foireann na Spáinne suas chun a gcuid boinn a bhailiú, dúirt Hewitt go raibh greim daingean ag Rubiales orthu.

‘Chuimil sé cuid ar a ndroim, thapáil sé duine eile ar a tóin, rug sé ar láimh daoine áirithe, thóg sé roinnt eile dá gcosa agus ardaíodh ceann amháin faoi dhó’.

Dúirt sí nach raibh ‘aon fhianaise ann a thabharfadh le tuiscint go raibh an phóg comhthoiliúil (consensual)’, nuair a chuimhnigh sí ar Rubiales ag pógadh Hermoso ar a liopaí.

Tá sé ráite ag Hermoso i gcás Cúirte sa Spáinn nach raibh an phóg comhthoiliúil.

Séanann Rubiales ionsaí gnéis a dhéanamh ar iar-thosaí Barcelona.

Nuair a shiúil foireann na Spáinne suas chun a gcuid boinn a bhailiú, dúirt Hewitt go raibh greim daingean ag Rubiales orthu
Nuair a shiúil foireann na Spáinne suas chun a gcuid boinn a bhailiú, dúirt Hewitt go raibh greim daingean ag Rubiales orthu

Ina theannta sin, chuir sé síos ar líomhaintí Hewitt mar ‘iontach’, agus chuir sé ina leith go ndearna sé dochar ina choinne.

Chuir Rubiales ‘hypocrisy’ i leith Hewitt mar, a dúirt sé, gur rug sí barróg ar roinnt imreoirí í féin.

Dúirt sé nach ndearna sé ach iarracht sólás a thabhairt do Coombs mar gur gortaíodh í le linn an chluiche ceannais agus go raibh bindealán á chaitheamh aici ar a ceann.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram