Tuigtear go raibh an FAI ar cheann de na cumainn éagsúla a rinne iarratas ar FIFA cead a thabhairt do chaptaein na foirne an tuar ceatha (rainbow) nó bandaí muinchille (armband) OneLove a chaitheamh le linn an chomórtais.
Ní chomhlíonfar an t-iarratas sin, áfach, mar bhuille do thaobh na hÉireann ina bhfuil go leor ball den phobal LGBTQ+.
D’fhógair comhlacht rialaithe an spóirt i ráiteas nach mbeidh cead ag imreoirí na bandaí muinchille sin a chaitheamh.
Dúirt Uachtarán FIFA, Gianni Infantino: ‘Tugann peile an domhan le chéile, agus tá cumhacht ar leith ag ár n-imeachtaí domhanda, mar Chorn Domhanda na mBan FIFA, chun daoine a thabhairt le chéile agus áthas, spleodar agus paisean a sholáthar.
‘Ach déanann an pheil níos mó ná sin – féadann sí an spotsolas a dhíriú ar chúiseanna an-tábhachtacha inár sochaí.
‘Tar éis roinnt cainteanna an-oscailte le geallsealbhóirí (stakeholders), lena n-áirítear cumainn ball agus imreoirí, chinneamar aird a tharraingt ar shraith cúiseanna sóisialta – ó chuimsiú (inclusion) go comhionannas inscne (gender equality), ón tsíocháin go deireadh a chur leis an ocras, ó oideachas go dul i ngleic le foréigean teaghlaigh (domestic violence) – le linn na 64 cluiche ar fad ag Corn Domhanda na mBan de chuid FIFA.’
Beidh cead acu, áfach, roghnú as ocht rogha eile: ‘Unite for Inclusion’, ‘Unite for Indigenous People’, ‘Unite for Gender Equality’, ‘Unite for Peace’, ‘Unite for Education for All’, ‘Unite for Zero Hunger’, ‘Unite for Ending Violence Against Women’ and ‘Football is Joy, Peace, Love, Hope and Passion’.
Beidh foirne faoi réir smachtbhannaí má théann siad in aghaidh chinneadh FIFA agus má chaitheann siad na bannaí muinchille OneLove nó tuar ceatha.
D’éirigh thar barr leis an bhfoireann a dhéanann ionadaíocht ar Éirinn faoi bhainistíocht Vera Pauw.
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.
Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.
Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie@gmail.com.
Agus chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul i dteagmháil le Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.