Chuir FIFA cosc ar iar-uachtarán Chumann Peile na Spáinne, Luis Rubiales, ó gach gníomhaíocht a bhaineann leis an bpeil ar feadh trí bliana.
Phóg Rubiales Jenni Hermoso ar a liopaí, gan a cead, le linn bhronnadh na trófaí tar éis bua na Spáinne ar Shasana i gcluiche ceannais Chorn an Domhain i mí Lúnasa.
Tar éis dó é a dhéanamh dúirt Hermoso nach raibh an póg comhthoiliúil (consensual) ach ar feadh tamaill dhiúltaigh Rubiales glacadh leis go raibh sé mícheart.
Cé go ndearna Rubiales iarracht leanúint ar aghaidh ina ról ar dtús, d’éirigh sé as an mhí seo caite agus gearradh pionós air.
‘Chuir coiste smachta FIFA cosc ar Luis Rubiales, iar-uachtarán Chumann Peile na Spáinne (RFEF), ó gach gníomhaíocht a bhaineann le peile ar an leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta ar feadh trí bliana, tar éis dó a chinneadh gur ghníomhaigh sé de shárú ar Airteagal 13 de FIFA.
‘Baineann an cás seo leis na himeachtaí a tharla le linn chluiche ceannais Chorn Domhanda na mBan FIFA an 20 Lúnasa 2023.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.