Tá máthair phríomhfheidhmeannach peile na Spáinne Luis Rubiales, a phóg imreoir gan a cead, ar stailc ocrais chun tacú lena mac.
Tá fiosrúchán fógartha ag ionchúisitheoirí (prosecutors) na Spáinne chun fáil amach an raibh an póg ina ionsaí gnéis.
Mar sin féin, chuir máthair Rubiales, Angeles Bejar, í féin faoi ghlas i séipéal mar agóid in aghaidh an ‘inhuman witch-hunt’ i gcoinne a mic.
Phóg sé an t-imreoir Jennifer Hermoso ar a liopaí ag cluiche ceannais Chorn Domhanda na mban i Sydney.
Dúirt leas-phríomh-aire na Spáinne, Yolanda Diaz, gur léirigh an t-achrann faoina iompar a spreag agóidí ar fud na tíre an ‘shochaí Spáinneach is measa’.
Bhí Rubiales, 46, dúshlánach faoin bpóg, ag áitiú gur gníomh spontáineach agus frithpháirteach a bhí ann agus an Spáinn ag ceiliúradh bua ar Shasana.
Ach dúirt Hermoso nach bhfuil sé seo fíor agus nár thoiligh sí leis an bpóg.
Dhiúltaigh Rubiales, uachtarán chónaidhm peile na Spáinne, éirí as ach tá sé curtha ar fionraí ag an gcomhlacht idirnáisiúnta Fifa.
Tionóladh cruinniú éigeandála tar éis do rialtas na Spáinne iarraidh ar a bhinse náisiúnta spóirt é a chur ar fionraí. Agus aréir, d'iarr an chónaidhm - a thug tacaíocht don Uasal Rubiales roimhe seo - air dul.
I mbaile dúchais a mhuintire, Motril in Andalucía, i ndeisceart na Spáinne, dúirt gaolta go raibh máthair Rubiales ag diúltú ithe nó imeacht as séipéal paróiste Divina Pastora ón 17ú haois.
Dúirt siad gur chuir sí tús le stailc ocrais éiginnte go dtí go ndéantar ‘ceartas a sheirbheáil’, agus go raibh sí dosháraithe, ‘ag caoineadh ar feadh an lae’.
D’éiligh Bean Bejar, gruagaire scortha, go insíodh Hermoso ‘an fhírinne’ faoin bpóg agus d’áitigh sí nach raibh a mac ‘in ann dochar a dhéanamh d’éinne’.
Dúirt col ceathrar Rubiales Vanessa Ruiz Bejar: ‘Tá feachtas ciaptha ag tarlú atá an-éagórach. Tá máthair Luis, atá ina bean le creideamh mór, tar éis tearmann a lorg i nDia agus chuir sí tús le stailc ocrais.
‘Níl sí ag iarraidh teacht amach as an séipéal. Táimid go léir ag fulaingt go mór mar gheall ar an méid a tharla do Luis, rud nach bhfuil cosúil linn ar chor ar bith.'
Tá sé ráite ag Hermoso agus a comhghleacaithe go raibh an phóg gan iarraidh agus go raibh sé suarach .
Tá sé ráite ag na 23 imreoir ar fad ar fhoireann na mban a bhuaigh Corn an Domhain nach n-imreoidh siad cluichí idirnáisiúnta fad is a bheidh Rubiales fós sa phost.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.