Ní raibh an póg sin comhthoiliúil (consensual), a deir an peileadóir Hermoso le cúirt

Féadfaidh iar-uachtarán Chónaidhm (Federation) peile na Spáinne Luis Rubiales dul ar a thriail anois le haghaidh ionsaí gnéis agus comhéigean (coercion) in aghaidh Jenni Hermoso

Tá an peileadóir Spáinneach a bhuaigh Corn an Domhain, Jenni Hermoso, tar éis a rá le cúirt i Maidrid nach raibh póg ó iar-uachtarán an chónaidhm peile Luis Rubiales ‘comhthoiliúil (consensual)’.

Rug Rubiales cloigeann Ms Hermoso agus phóg sé í ar a liopaí tar éis chluiche ceannais Chorn an Domhain anuraidh.

Cinnfidh breitheamh anois ar cheart Rubiales a thriail as ionsaí gnéis agus comhéigean.

Rubiales ag iompar Athenea del Castillo de chuid na Spáinne ar a ghualainn agus iad ag ceiliúradh cluiche ceannais Chorn an Domhain
Rubiales ag iompar Athenea del Castillo de chuid na Spáinne ar a ghualainn agus iad ag ceiliúradh cluiche ceannais Chorn an Domhain

‘Tá gach rud i lámha an cheartais (justice), sin an méid is féidir liom a rá,’ a dúirt Hermoso.

Séanann Rubiales na líomhaintí.

Thug Hermoso, príomhscórálaí na Spáinne, fianaise don chúirt ar feadh thart ar dhá uair go leith, agus dúirt sí leis an mbreitheamh go raibh an póg ‘gan choinne agus gan chomhthoiliúil ar aon am ar bith’.

D’athdhearbhaigh a cuid fianaise ráteas a tugadh roinnt míonna ó shin d’ionchúisitheoirí (prosecutors).

Tá an chúirt ag scrúdú fianaise lena n-áirítear píosaí scannáin Teilifís Ciorcad Iata (‘CCTV’) chun cinneadh a dhéanamh ar cheart a gearán coiriúil faoi ionsaí gnéis agus comhéigean a thabhairt chun trialach.

Tharla an phóg le linn searmanas na mbonn i Sydney an 20 Lúnasa anuraidh, tar éis bua na Spáinne in aghaidh Shasana.

Thug ráiteas a eisíodh go gairid i ndiaidh an chluiche ceannais, a cuireadh i leith Hermoso, le fios go raibh an póg comhthoiliúil. Ach rinne sí gearán níos déanaí gur chuir oifigigh de chuid Chónaidhm (Federation) peile na Spáinne brú uirthi a hainm a chur leis an ráiteas.

Rug Rubiales cloigeann Ms Hermoso agus phóg sé í ar a liopaí tar éis chluiche ceannais Chorn an Domhain anuraidh
Rug Rubiales cloigeann Hermoso agus phóg sé í ar a liopaí tar éis chluiche ceannais Chorn an Domhain anuraidh

Tá Rubiales á fhiosrú maidir le comhéigean a d’fhéadfadh a bheith aige maidir lena ról sa bhrú líomhnaithe ar Hermoso.

Tá Jorge Vilda, an cóitseálaí a threoraigh an fhoireann chuig glóir Chorn an Domhain, sular cuireadh as a phost é go gairid ina dhiaidh sin, á fhiosrú freisin in éineacht le Albert Luque agus Rubén Rivera, beirt fheidhmeannach de chuid na Cónaidhme.

Dúirt Hermoso nár theastaigh uaithi go ndéanfaí í a phóg agus gur bhraith sí gur ‘íospartach ionsaithe’ a bhí inti. Faoi dhlí na Spáinne is féidir póg gan toiliú a mheas mar ionsaí gnéis.

Mhaígh Rubiales i gcónaí gur peic (peck) comhthoiliúil a bhí sa phóg, ach b’éigean dó éirí as mar uachtarán ar Chónaidhm peile na Spáinne.

D’oscail ionchúisitheoirí imscrúdú agus i mí Mheán Fómhair seo caite chuir an breitheamh imscrúdaithe Francisco de Jorgehe cosc ar Rubiales dul laistigh de 200m ó Hermoso.

I ráiteas d’ionchúisitheoirí a sceitheadh chuig teilifís na Spáinne i mí Dheireadh Fómhair, dúirt Hermoso: ‘Is léir go raibh dímheas orm’ mar imreoir agus mar dhuine.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram