An bhfuil ceann de na híocaíochtaí seo dlite duit?

21/11/2023

Cinntigh go bhfaighidh tú do chuid féin: Na príomhdátaí an tseachtain seo le haghaidh na híocaíochtaí costais mhaireachtála an Bhuiséid

Gheobhaidh na céadta míle duine íocaíochtaí an tseachtain seo faoin gcéad tráinse de na híocaíochtaí tacaíochta costais mhaireachtála a comhaontaíodh sa Bhuiséad.

Tá cur síos tugtha ag an Aire Coimirce Sóisialaí Heather Humphreys ar shonraí na dtrí íocaíocht de €230 milliún san iomlán atá le híoc.

Íocfar liúntais breosla €300 le 409,000 teaghlach i rith na seachtaine.

Na híocaíochtaí
Na híocaíochtaí

Ó Dé Céadaoin go dtí Dé hAoine, íocfar deontas tacaíochta míchumais €400 le 214,000 duine a fhaigheann liúntas míchumais, pinsean easláine (invalidity pension) nó pinsean na ndall.

Ar an Déardaoin íocfar €400 do theaghlach oibre le 45,000 teaghlach, le 97,000 leanbh.

Íoctar gach tacaíocht go huathoibríoch (automatically) le faighteoirí incháilithe (eligible), gan aon iarratas ag teastáil.

Is iad na trí íocaíocht an chéad cheann de naoi íocaíocht san iomlán a íocfar idir Samhain agus Eanáir.

Dúirt Ms Humphreys go raibh an pacáiste um chosaint shóisialta i mBuiséad 2024 ar an gceann is mó i stair an stáit.

Sholáthair sí sonraí na n-íocaíochtaí ag Shed Fest in Achadh an Iúir (Virginia), Co. an Chabháin – an chéad chomhdháil náisiúnta riamh a bhí ar siúl ag Cumann Seideanna na bhFear (Men’s Sheds Association) in Éirinn.

Ar an Déardaoin íocfar €400 do theaghlach oibre le 45,000 teaghlach, le 97,000 leanbh.
Ar an Déardaoin íocfar €400 do theaghlach oibre le 45,000 teaghlach, le 97,000 leanbh.

Dúirt an tAire: ‘Tá a fhios ag an Rialtas go leanann an ghéarchéim costais mhaireachtála ag dul i bhfeidhm ar theaghlaigh ar fud na tíre.

‘An tseachtain seo, táimid ag rolladh amach na chéad trí cinn de na híocaíochtaí a fuair mé mar chuid de Bhuiséad 2024.

‘Feicfidh sé seo go bhfaighidh thart ar 409,000 teaghlach a fhaigheann an liúntas breosla, €300.

‘Faighfidh thart ar 45,000 teaghlach a fhaigheann an íocaíocht do theaghlaigh oibre €400, agus gheobhaidh 214,000 duine faoi mhíchumas íocaíocht €400 freisin.

‘Beidh sé íocaíocht breise á leanúint i ndiaidh na n-íocaíochtaí a bheidh á n-íoc an tseachtain seo sna seachtainí atá romhainn, lena n-áirítear deontas tacaíochta cúramóra €400, íocaíocht sochair linbh dhúbailte, agus íocaíochtaí dúbailte na Nollag agus Eanáir.

‘Ciallaíonn an tsraith seo d’íocaíochtaí go mbeidh airgead breise ag daoine ina bpócaí, rud a laghdóidh an brú agus an strus atá ar go leor teaghlach.’


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram