Tá sonraí tugtha ag beirt Aire Rialtais faoi na tacaíochtaí is déanaí ón Stát atá ar fáil do mhic léinn agus do theaghlaigh: agus tá tuairisc orthu ar shuíomh idirlín RTÉ News.
Thug an tAire Coimirce Sóisialaí Heather Humphreys na hamanna íocaíochta ar na tacaíochtaí éagsúla do theaghlaigh a fógraíodh sa Bhuiséad.
Chomh maith leis sin, tá tacaíochtaí sa bhreis Stáit fógartha ag an Aire Breisoideachais agus Ardoideachais Simon Harris do roinnt mac léinn.
Íocfar trí chnapshuim (lump-sum) an tseachtain seo le daoine a bhfuil gá acu, mar ullmhúchán don Nollaig.
An Déardaoin seo, gheobhaidh thart ar 120,000 cúramóir (carers) cnapshuim de €400.
Ó Dé Céadaoin 29 Samhain go dtí Dé hAoine 1 Nollaig, íocfar cnapshuim de €200 leis na timpeall 240,000 duine a fhaigheann an Liúntas Maireachtála Aonair (Living Alone Allowance).
I rith na seachtaine, íocfar cnapshuim de €100 in aghaidh an linbh le teaghlaigh i leith 370,000 leanbh cáilithe (qualified children).
Íoctar é seo le daoine a fhaigheann ‘Méadú do Leanbh Cáilithe’ ar a bpríomhíocaíocht leasa shóisialaigh, de réir an tuairisc.
Tá scéim nua freisin chun pinsin a sholáthar do chúramóirí fadtéarmacha.
Déanann an scéim nua Ranníocaíochtaí Fadtéarmacha do Chúramóirí (Long-Term Carers Contributions) é níos fusa cáiliú do Phinsean Stáit Ranníocach (Contributory State Pension).
Idir an dá linn, tá sé fógartha ag an Aire Breisoideachais agus Ardoideachais go gclúdóidh an Stát costais lóistín na mac léinn do dhaoine fásta óga a fhágann cúram an Stáit.
Dúirt Simon Harris go gcinnteoidh an t-aistriú seo go mbeidh cinnteacht tionachta (security of tenure) ag na mic léinn seo agus nach mbeidh orthu a bheith buartha faoin gcostas.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.