D’fhéadfadh úinéirí madraí nach bhfuil in ann a gcuid peataí a rialú aghaidh a thabhairt ar suas le €900 i bhfíneálacha ar an láthair (on-the-spot fines) a íoc.
Déanfar na fíneálacha do pheataí a dhúbailt go €300 an ceann sa bhliain seo chugainn tar éis tar éis teagmhas imníoch.
Anuas ar sin, is féidir fíneálacha iolracha (multiple fines) a thabhairt do dhaoine, áfach, as ildhlíthe (multimple rules) a bhriseadh, suas le trí cinn ag aon am amháin.
Tá an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail (Rural and Community Development) Heather Humphreys chun an t-aistriú a fhógairt mar chuid de phacáiste beart atá deartha chun rialú madraí a fheabhsú.
Tá an tAire chun rialacháin a shíniú a dhéanfaidh fíneálacha ar an láthair do chionta tromchúiseacha a dhúbailt go €300.
Clúdóidh sé seo cionta a thagann faoin Acht um Rialú Madraí, lena n-áirítear úinéirí a dteipeann orthu a gcuid madraí a choinneáil faoi smacht nó madraí nach bhfuil ag caitheamh béalóg (muzzle) nuair is gá.
D’fhéadfadh go mbeadh baol ann go ngearrfar roinnt fíneálacha ar leith d’úinéirí madraí mar go mbeidh maoir madraí in ann ilfhíneálacha a eisiúint ag aon am amháin.
Faoi na rialacha nua, d’fhéadfadh go mbeadh úinéir ar mhadra gan cheadúnas, béalóg nó coiléir trí fhíneáil suas le €300 an ceann a íoc, sé sin €900.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.