Trí deora pian agus feirge d’inis páirtí an mhúinteora scoile a dúnmharaíodh, Ashling Murphy, go raibh ‘gach rud’ aici dó.
Ag éisteacht phianbhreith Jozef Puska, 33, a dhúnmharaigh Ashling, a bhí 23 bliain d’aois, d’inis Ryan Casey mothúchánach faoin saol álainn a bhí roinnte acu le chéile – agus a bpleananna do theach, pósadh agus leanaí le chéile, pleananna atá anois imithe go deo.
Gearradh pianbhreith saoil ar mharfóir Ahsling agus dúirt an Breitheamh Tony Hunt dá mbeadh an chumhacht aige, go mbeadh pianbhreith ‘saoil iomlán’ tugtha aige do Puska, rud a chiallódh go mbeadh Puska faoi ghlas ar feadh a saoil gan seans parúil.
Sular thosaigh sé ar a ráiteas a thabhairt sa chúirt, chuir Ryan suas grianghraf mór i bhfráma airgid (silver frame) de Ashling ar an leac os a chomhair ionas go bhféadfadh an seomra cúirte í a fheiceáil.
Tá daoine an-eolach faoin ghrianghraf sin le 22 mí anuas, agus í ag miongháire le fidil ina lámh aici.
Agus é ag tabhairt anála doimhin (deep breaths), thosaigh Ryan ag insint scéal a gcáirdeas ógánach, ón nóiméad a bhuail siad le chéile den chéad uair ag dioscó club rugbaí, nuair a bhí an bheirt acu 15 bliana d’aois, i Meán Fómhair 2013.
Dúirt Ryan: ‘Chaill mé i bhfad níos mó ná mo chailín. Tá mo pháirtí sa saol caillte agam, mo chara is gaire, mo chara is fearr,’ a dúirt sé.
‘Tá gach rud a theastaigh uaim sa saol imithe, tá gach plean a bhí agam sa saol imithe anois agus ní féidir iad a thabhairt ar ais.
‘Ní raibh i gceist le Ashling ach gach rud domsa, agus is é seo a chaill mé, tá gach rud caillte agam.’
Agus é ag cáineadh an téarma a bheidh ag Puska sa phríosún, dúirt Ryan gurb é féin agus teaghlach Ashling na daoine a bheidh ag fulaingt (suffering) i ndáiríre an chuid eile dá saol mar gheall ar a bás.
‘Is é an marbh uafásach, gan chiall, agus go hiomlán olc seo, an deireadh le saol Ashling, an pianbhreith saoil (life sentence) atá againn, nach mór dúinn a chaitheamh ar feadh an chuid eile dár saol,’ a dúirt sé.
Díreach sula bhfuair sé pianbhreith saoil éigeantach, d’éist Puska, trí ateangaire (translator), le trí ráiteas tionchair íospartaigh (victim impact) óna máthair Kathleen, a deirfiúr Amy agus Ryan.
Léigh Ryan agus Amy a gcuid ráiteas faoi Ashling amach sa chúirt, agus roghnaigh a máthair go léifeadh garda a ráiteas.
Labhair siad faoina cuid tallann spóirt agus ceoltóireacht, a grá don fhaisean agus don mhúinteoireacht, an dúil a bhí aici do leanaí dá cuid féin agus na pleananna don teach a roinnfeadh sí le Ryan.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.