D’impigh sagart ar dhaoine deireadh a chur le ‘sciúirse foréigean baile (domestic violence)’. Bhí an tAthair Seán Dooley ag labhairt ag sochraid Denise Morgan, máthair óg Éireannach.
Lámhachadh marbh Denise, a bhi 39 mbliana d’aois, máthair le cailín, atá naoi mbliana d’aois, i Nua-Eabhrac.
Ba as Tulaigh Álainn, Droichead Átha, Co. Lú (Tullyallen, Drogheda, Co. Louth) í, agus fuair sí bás de bharr a chréachta ina teach in Queens, Nua Eabhrac, ar an 21 Deireadh Fómhair.
Fuarthas go raibh a páirtí, Joed Taveras, 33, in aice léi freisin, le créacht gunna, tar éis dó é féin a lámhaigh agus a mharú.
Tá a bás á láimhseáil mar dhúnbhású (homicice) ag póilíní i Nua-Eabhrac.
Ag labhairt dó in Eaglais na Deastógála (Church of the Assumption) i dTulaigh Álainn, áit ar baisteadh Denise, dúirt an tAthair Dooley: ‘Rugadh Denise le bheith ina máthair. Ón nóiméad a thuig sí go raibh Mollie ar an mbealach agus go dtí a lá deiridh, bhí Mollie i gcroílár a saoil.
‘Goideadh Denise uainn. Gearradh a saol go tobann ar bhealach brúidiúil agus faraor ní bheidh ceartas ar bith ag Denise.
‘Déanaimid machnamh ar conas a d’fhéadfadh sé seo a bheith tarlaithe do bhean óg álainn?
‘Tá súil agam go gcabhróidh a bás tragóideach linn tuiscint a fháil ar fhoréigean baile agus é a shéanadh.
‘Agus labhair amach faoin iompar míchuí agus faoin dearcadh cultúrtha atá mar bhonn agus mar thaca ag ár sciúirse foréigin teaghlaigh.’
Ní raibh Mollie sa bhaile nuair a maraíodh í.
Ach inné, ag tús Aifreann na sochraide, ba í an cailín beag an chéad duine a chuir siombailí i láthair ar na rudaí is tábhachtaí dá máthair.
In ómós do Denise, dúirt a col ceathrar Mandy Carr go raibh gach rud i gceist ag a teaghlach don mháthair óg, a d’oibrigh i mbialanna in Éirinn agus i Nua-Eabhrac.
Dúirt Mandy: ‘Ní bheidh na rudaí greannmhar ar fad againn anois? Na glaonna gutháin a chuaigh ar aghaidh ar feadh uaireanta.
‘Ní féidir linn tú a leanúint mar a bhfuil tú anois ach lorgóimid thú ar bhealaí eile.’
Dúirt sí: ‘Ní dhéanfaimid dearmad go deo ort Denise agus geallaimid go mbeidh meas agus aire againn do Mollie.’
‘Táimid cinnte go bhfuil a fhios aici cé mhéad grá a bhí agat di.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.