Amhrán speisialta ag Ronan ag sochraid Ciarán Keating

21/07/2023

Thug muintir Keating agus go leor cairde aitheanta ómós don ‘laoch Ciarán, fear dícheallach’

Bhí lucht na sochraide i ndeora nuair a chan Ronan Keating amhrán dá dheartháir Ciarán, amhrán a scríobh sé tar éis bhás a mháthar, ar Déardaoin.

Ciaran Keating Funeral 13
Ronan Keating agus Storm ag an sochraid

Fuair Ciarán bás nuair a bhí sé páirteach i dtimpiste ar Dé Sathairn agus é ag tiomáint lena bean chéile Annmarie chun a mac a fheiceáil ag imirt sacair.

Agus ag sochraid Ciarán i gCluain Cearbán (Louisburgh), Co. Maigh Eo dúirt Ronan gur mhian leis nach mbeadh air an t-amhrán sin a chanadh arís.

Thug Ronan ómós do chlann Chiaráin, ag rá leo: ‘Bhí bhur neart le cúpla lá anuas iontach dochreidte. Bheadh bhur athair bródúil.

Ciaran Keating Funeral 11
Keith Duffy ag an sochraid

‘Scríobhadh an t-amhrán seo 25 bliain ó shin, nuair a chailleamar ár máthair. Níor mhaith liom a bheith á chanadh sna cúinsí seo, ach… seo é.’

Ag tús na sochraide, tugadh chuig an altóir bronntanais mar shiombail do shaol Ciarán, lena n-áirítear ‘remote’ teilifíse, tancaer don ghrá a bhí aige ar phionta, agus geansaí Torquay United ón am a d’imir a mhac Ruairí don chlub.

Bhí deora ar Ruairí nuair a léirigh sé grianghraf teaghlaigh díobh nuair a bhuaigh sé bonn sraithe.

Keating
Shane Byrne ag on sochraid

Bhuaigh sé boinn ag imirt le Torquay United agus le Cork city ar feadh a shaoil peile.

‘Fear dícheallach a bhí i gCiarán, nár chaill lá oibre riamh,’ a dúirt Ruairí. ‘Chuir sé a lámh le gach rud, agus ní raibh aon rud nach bhféadfadh sé a dhéanamh.

‘Ba cheannaire é ár n-athair, ár laoch, agus sin é a bhí i gceist aige dúinn go léir.’

Ciaran Keating Funeral 1
Cabhraíonn Ronan Keating (lár ar chlé) le cónra a dhearthár Ciaran Keating a iompar i dtreo Eaglais Phádraig i gCluain Cearbán, Co. Mhaigh Eo, le haghaidh a shochraid. Pic: Oliver McVeigh/PA Wire

Bhí Ciarán, athair de thriúr, 57 bliain d’aois. Bhí cónaí air lena theaghlach i gCathair na Mart, (Westport), Co. Mhaigh Eo.

Fágann sé a bhean in a dhiaidh, chomh maith lena dtriúr clainne, Conall, Ruairí, agus Aisling, a dheirfiúr Linda, na deartháireacha Gerard, Gary agus Ronan, agus baill den teaghlach sínte.

Bhí a shochraide ar siúl ag meán lae Déardaoin i Séipéal Phádraig, Cluain Cearbán (Louisburg), Co. Mhaigh Eo.

Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.


Nuachtlitir Extrag.ie/Extra.ie Newsletter

Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram