Ómós tugtha do bhean Éireannach a maraíodh i Nua Eabhrac

Dúirt comharsana gur chuala siad argóint agus ansin lámhach gunna sula bhfuarthas an bhean ó Lú, Denise Morgan, agus fear marbh

Dúradh paidreacha agus ómós do bhean Éireannach a lámhachadh marbh i Nua-Eabhrac ag an deireadh seachtaine.

Fuarthas corp Denise Morgan, arbh as Tulaigh Álainn (Tullyallen) i gCo. Lú (Louth) í, in aice le corp fir go moch maidin Dé Sathairn i gceantar Glendale i Queens.

Bhí créacht lámhaigh ag an mbeirt. Creidtear gurbh é an fear a páirtí.

Dúirt comharsana leis na póilíní gur chuala siad an fear, a bhí 33 bliain d’aois, ag troid le Ms Morgan agus soicind ina dhiaidh sin lámhach gunna.

Dúirt bean amháin, atá ina cónaí san fhoirgneamh, leis na póilíní: ‘Chuala mé argóint agus ansin fuaim gunna. Bhí an t-eagla ba mheasa orm láithreach agus chuir mé scairt ar 911.’

Deir póilíní nach bhfuil siad sa tóir ar aon duine eile agus go bhfuil siad sásta gur mharaigh an fear, a chreidtear gur Meiriceánach é, Denise sular lámhachadh sé é féin.

Dúirt Roinn Póilíní Nua-Eabhrac gur fhreagair siad glao 911 ag thart ar 2.44am maidin Dé Sathairn.

Ar theacht dóibh, chonaic oifigigh fear agus bean gan aithne agus gan freagairt i seomra suí an dara hurlár den áit chónaithe.

Deir na póilíní go raibh créachta maraithe ag an mbeirt.

Dúirt an NYPD gur aisghabhadh arm tine i gcomharsanacht an fhir.

Denise Morgan
Denise Morgan

Tá ómós tugtha do Ms Morgan, arbh as sráidbhaile Lú i dTulaigh Álainn ó dhúchas í.

I bpostáil ar Facebook, dúirt an Cottage Bar and Restaurant i Nua-Eabhrac gur fhág cailliúint tobann Denise Morgan i ‘turraing agus i mbrón’ iad.

‘Beidh a cineáltas agus a spiorad bríomhar caillte go mór ag gach duine a raibh sé de phribhléid acu aithne a chur uirthi,’ a dúirt siad.

Dúradh paidreacha ar son Ms Morgan le linn aifreann i Séipéal na Deastógála (Church of the Assumption)  i dTulaigh Álainn.

Chuir an Sagart Paróiste an tAthair Seán Dooley fáilte roimh chlann agus chairde Ms Morgan, a dúirt sé a fuair bás go tobann i Meiriceá.

Thairg an tAthair Dooley paidreacha sólás dá muintir agus dá cairde ‘agus iad ag dul tríd an am is uafásaí ina saol’.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram