Fógraíodh ‘éigeandáil iomlán’ ag Aerfort Bhaile Átha Cliath ar Dé Domhnaigh tar éis tuairiscíodh go raibh deatach ag teacht ó eitleán.
Tharla an éigeandáil ar eitleán príobháideach a bhí ag ullmhú chun éirigh in airde le triúr ball foirne ar bord.
Dheimhnigh Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath (Dublin Airport Authority, DAA), a bhainistíonn Aerfort Bhaile Átha Cliath, gur chuir siad prótacail éigeandála i bhfeidhm.
Theith na seirbhísí éigeandála go dtí an láthair agus aslonnaíodh an triúr ball foirne go sábháilte.
‘Fógraíodh éigeandáil iomlán ag Aerfort Bhaile Átha Cliath tráthnóna inniu tar éis d’eitleán príobháideach le triúr criú ar bord iarraicht a dhéanamh ar éirigh in airde, de bharr tuairiscí go raibh deataigh i gcró an phíolóta,’ a dúirt urlabhraí.
‘D’fhreagair seirbhísí éigeandála Aerfort Bhaile Átha Cliath agus tar éis aslonnú na foirne tarraingíodh an t-aerárthach faoi thionlacan (escort) chuig limistéar eitlíochta ginearálta an aerfoirt,’ a dúirt an t-urlabhraí.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.