Gabhadh garda baineann le cóicín amhrasta ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, ar amhras go raibh drugaí ina seilbh chun críche díola nó soláthair (sale or supply).
Bhí an garda, atá ina 30idí, le bheith ag taisteal ar eitilt amach ach coinníodh í sula ndeachaigh sí ar bord.
De réir tuairisce in Independent.ie, chuir gardaí oibríocht ar bun tar éis dóibh eolas a fháil maidir le seilbh drugaí rialaithe (controlled drugs) ag an aerfort.
Tá an t-imscrúdú á stiúradh ag Aonad Frith-éillithe an Gharda Síochána (Garda's Anti-Corruption Unit, ACU) a bhfuil sé de chúram orthu mí-iompar líomhnaithe agus coiriúlacht laistigh den fhórsa a imscrúdú.
Tuigtear gur aisghabhadh cóicín, a raibh luach measta de thart ar €100 air.
Gabhadh an garda ina dhiaidh sin maidir le drugaí a bheith ina seilbh chun críche díola nó soláthair agus tugadh go Stáisiún Garda Bhaile Munna í.
Scaoileadh saor í ó shin i leith.
LÉIGH NÍOS MÓ, CLIC ANSEO
Leithscéal gafa ag Happy Pear as podchraoladh le doctúir a nasc antibiotics le depression
Dúirt foinse amháin: ‘Gabhadh an duine seo mar chuid d’oibríocht faisnéise-bhunaithe.
‘Seolfar na drugaí a urghabhadh le haghaidh anailíse de réir mar is gnách.
‘Is ábhar níos tromchúisí fós é seo toisc go raibh sé líomhnaithe go raibh sí ag taaistil amach agus go raibh drugaí amhrasta ina sheilbh ag an duine seo.'
LÉIGH NÍOS MÓ, CLIC ANSEO
Níl an cás maidir le marú bean ag dul ar aghaidh i gcoinne Alec Baldwin ... ach tá an scannán
Tuigtear go bhfuil an ball gafa ceangailte le stáisiún gardaí i Réigiún Cathrach Bhaile Átha Cliath (Dublin Metropolitan Region, DMR).
Dheimhnigh Gardaí sonraí na hoibríochta gabhála.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.