Bhí buirgléireacht ina teach ar bhean atá ag agairt Conor McGregor

16/06/2024

Bhí an bhean atá ag agairt McGregor sa bhaile lena leanbh agus lena páirtí tráth na buirgléireachta

Cuireadh buirgléireacht scanrúil ar bhean atá ag agairt Conor McGregor, dar leis an Irish Mail on Sunday.

An tseachtain seo caite, bhris fir chumhdaigh (masked) isteach i dteach na mná a rinne éileamh ar dhamáistí pearsanta i gcoinne McGregor.

Bhí an bhean ina teach i mBaile Átha Cliath, lena páirtí agus a leanbh, ag an am, agus bhí sí trína chéile tar éis na heachtra.

‘Tá imscrúduithe ar siúl faoi láthair,’ a dúirt urlabhraí an Gharda Síochána.
‘Tá imscrúduithe ar siúl faoi láthair,’ a dúirt urlabhraí an Gharda Síochána.

Tuigtear gur bhris triúr fear a bhí ag caitheamh balaclava isteach ina teach cónaithe i nDroimneach (Drimnagh) ar thaobh theas Bhaile Átha Cliath thart ar 2.20 am Dé hAoine.

Chuaigh na fir suas staighre áit ar bhuail páirtí na mná leo ag doras an tseomra leapa.

Ghlaoigh siad ‘Cá bhfuil an t-airgead?’ agus brúdh an fear, atá ina 30idí, agus polladh ina éadan é.

Throid páirtí na mná leis na fir agus fuair sé créacht sáite (stab wound) ar a bholg.

Briseadh roinnt fuinneoga sa teach freisin.

 ‘Tá an bhean bhocht i bponc. Ghortaigh sí í féin ag cnagadh ar na fuinneoga agus ag béicíl chun cabhair a fháil. Ghlac na Gardaí seilbh ar an teach agus dúirt siad léi gan dul ar ais ann,’ a dúirt foinse.

‘Tá imscrúduithe ar siúl faoi láthair,’ a dúirt urlabhraí an Gharda Síochána.

Níl rud ar bith ann a thabharfadh le fios go raibh aon bhaint ag an ionsaí le cás na mná in aghaidh an Uasail McGregor.

Tá an éisteacht sin le tosú i mí na Samhna agus meastar go mairfidh sé coicís.

Comhdaíodh na caingne (the actions were filed) san Ard-Chúirt breis is trí bliana ó shin, ach níl aon sonraí faoi éileamh na mná ráite sa chúirt oscailte.

Tá McGregor tar éis na líomhaintí go léir ina choinne a shéanadh go láidir.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram