Beidh pointí pionóis níos airde le sárú ag tiománaithe a dhéanann cionta tráchta cosúil le dul ro-thapa ar dheireadh seachtaine Saoire Bainc faoin reachtaíocht nua atá beartaithe.
Cuirfidh an tAire le Freagracht as Sábháilteacht ar Bhóithre an togra faoi bhráid comhghleacaithe Rialtais (Government colleagues) Dé Máirt.
Tá an tionscnamh seo ar cheann de roinnt beart a bhfuil an Rialtas ag obair orthu chun dul i ngleic leis an méadú le déanaí ar bhásanna agus gortuithe tromchúiseacha a tharla ar bhóithre na hÉireann.
Faoin mBille nua um Bearta um Thrácht ar Bhóithre 2023, thabharfaí cumhachtaí chun líon na bpointí pionóis a athrú le linn tréimhsí sonracha nuair a bhíonn rioscaí sábháilteachta ar bhóithre níos airde.
Léiríonn sonraí sábháilteachta ar bhóithre go bhfuil leibhéal níos airde básanna ar na bóithre agus gortuithe tromchúiseacha bainteach le cionta tiomána ag deireadh seachtaine saoire bainc.
Tabharfaidh an tAire Jack Chambers cuir sios don Chomh-aireacht (Cabinet) ar an chaoi go mbeidh tionchar dearfach ag pointí méadaithe ar feadh tréimhsí sonraithe ar iompar tiománaithe.
Tharla 46 imbhualadh marfach nó gortú tromchúiseach i mí Feabhra, Meitheamh agus deireadh seachtaine Saoire Bainc Lúnasa i mbliana.
Léiríonn sonraí freisin go ndearnadh beagnach 10,000 braite luais (speeding detections) thar na deireadh seachtaine céanna.
Tá an t-aistriú chun pointí pionóis a mhéadú do thréimhsí sonracha cosúil le deireadh seachtaine Saoire Bainc tugtha isteach go rathúil i ndlínsí eile, lena n-áirítear an Astráil.
I measc na dtograí eile atá á dtionscnamh ag an Aire Chambers tá athrú ar rialacha um thástáil mheisciúil faoina gceanglófaí go héigeantach ar ghardaí tástáil le haghaidh drugaí ag láthair imbhuailtí bóthair.
Tá reachtaíocht á hullmhú ag an Aire freisin chun na moltaí san athbhreithniú rinneadh le déanaí a chur i bhfeidhm, lena laghdaítear teorainneacha luais bonnlíne ar bhóithre tuaithe chomh maith le bóithre náisiúnta den dara grád agus bóithre i gceantair chónaithe.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.